Jules Bordet
Cuma
Fiseolaí a rugadh i Soignies na Beilge ab ea Jules Jean Baptiste Vincent Bordet (13 Meitheamh 1870 – 6 Aibreán 1961). Sa bhliain 1906 d'fhionn sé an miocrób, cocabachaillín (ar tugadh Bordetella air) atá freagrach as an triuch. D'aithin sé na fachtóirí imdhíonacha i séiream na fola, agus d'fhionn ailéisín, gníomhaí frithbhaictéarach sa bhfuil a ghlacann páirt sa chóras imdhíonach. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1919.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Jules Jean Baptiste Vincent Bordet". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 84.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |