Josephine Kermode

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosephine Kermode

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1852
Rhumsaa, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Meitheamh 1937
84/85 bliana d'aois
Bournemouth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteCushag Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

File agus drámadóir ó Oileán Mhanann ba ea Josephine Kermode (1852–1937) agus iomrá léi mar "Cushag". I mBéarla is mó a scríobh sí ach bhí Gaeilge Mhanann ar a toil aici agus bhailigh sí scéalta sa teanga sin.

Beatha agus saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Margaret Letitia Josephine Kermode ar an 18 Meán Fómhair 1852 in Ramsey (Rhumsaa).[1] Bhí sí ar dhuine den seachtar clainne a mhair ag an Urramach William Kermode (1815-1890) agus ag an dara bean aige, Jane née Bishop (1818-1858) ó Staffordshire.[2][3] Bhí suim mhór ag William i ndúlra agus i seandachtaí Mhanann.[4]

Fuair Cushag agus a deirfiúracha oideachas ó mháistreás cónaithe.[1][5] Tar éis bhás a hathar chuaigh sí ag obair mar bhanaltra dúiche ach b’éigean di éirí as de dheasca drochshláinte.[1] Níor phós sí riamh ach bhí sí ina bean tí ag a dheartháir P.M.C. Kermode ón mbliain 1908 amach. Ba scoláire é a d’fhoilsigh leabhar tábhachtach i dtaobh chrosa Mhanann in 1907.[1]

Ba é “A Lonan Legend” an chéad saothar a d’fhoilsigh Josephine, rud a rinne sí in 1899.[1] Foilsíodh an chéad chnuasach dánta aici, Poems by Cushag, in 1907.[6] Ag an am sin a tharraing sí uirthi féin “Cushag” mar ainm cleite (“Cuiseag” i litriú Gaelach).[1] Tagann an t-ainm ó Jacobaea vulgaris (buachalán buí), bláth oifigiúil Oileán Mhanann.[7]

Buachalán buí nó “Cushag,” bláth náisiúnta Oileán Mhanann

In 1908 d’fhoilsigh Cushag na Peel Plays,[8] trí dhráma ghearra. Léiríodh iad in Purt na h-Ynshey (Port na hInse nó Peel), a bhuíochas sin ar a cara Sophia Morrison.[9] Léiríonn na drámaí an tsuim a bhí ag Cushag i mbéaloideas Mhanann, ós leaganacha de scéalta traidisiúnta atá i gceist. Scríobh sí drámaí eile ina dhiaidh sin.

In 1911 d’fhoilsigh sí cnuasach nua dánta, Ellan Vannin, agus in 1913 bhí roinnt dánta léi mar chuid dá raibh in A Book of Manx Poetry, duanaire a chuir William Cubbon in eagar.[10]

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailitheoir béaloidis ba ea Cushag, obair a rinne sí i dteannta Sophia Morrison. Bhuail siad le chéile in 1907 agus ba ghearr go raibh siad mór lena chéile. Bhí sé de bhuntáiste ag Cushag go raibh Gaeilge Mhanann ar a toil aici, ó bhí sí á labhairt óna óige amach.[11] D’fhoilsigh sí scéal traidisiúnta i nGaeilge dar theideal Harry-Crab as yn Mob-beg in 1913.[12] Ba í Morrison a rinne an chuid is mó den obair agus iad ag bailiú béaloidis, ach d’fhoilsigh Cushag roinnt píosaí gearra mar "Folklore Notes" ar an iris Mannin.[13]

Deireadh a beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Cushag agus a deartháir chun cónaithe in Doolish (Dubhghlais nó Douglas), príomhbhaile an oileáin, in 1922, áit a raibh post faighte ag P.M.C. mar an chéad Choimeádaí ar Iarsmalann Mhanann (Thie Tashtee Vannin – Taigh Taistí Mhanann).[1] D’fhan Cushag ann go dtí go bhfuair a deartháir bás in 1932.[5] D’aistrigh sí go Bournemouth, áit a raibh sí ina cónaí lena deirfiúr Cherill, agus cailleadh í ar an 15 Feabhra 1937.[1] Tá sí curtha in Wimborne Minster.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 'Cushag: An Appreciation’by Constance Radcliffe, in Them ‘Oul Times: Poems by Cushag, Edited and Published by Constance Radcliffe, 1993, pp. i–iii.
  2. 'Philip Moore Callow Kermode, 1855–1935', alt le Frances Coakley on www.isle-of-man.com/manxnotebook
  3. 'The Kermode Family of Ramsey,' alt le William Cubbon, in The Isle of Man Natural History and Antiquarian Society, Vol 5 No 1, ar fáil ag www.isle-of-man.com/manxnotebook
  4. Caibidil 1, Manx Worthies, A.W. Moore, 1901, le fáil ag www.isle-of-man.com/manxnotebook
  5. 5.0 5.1 'Kermode, Josephine ('Cushag')’ by Sue Woolley, in New Manx Worthies ed. Dollin Kelly, Douglas, Manx National Heritage, 2006
  6. 'Now Ready: Poems by Cushag' Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine fógra in Ramsey Courier. 30 Lúnasa 1907 (le fáil tríd an Manx National Heritage iMuseum)
  7. www.gov.im Curtha i gcartlann 10 Bealtaine 2007 ar an Wayback Machine
  8. Peel Plays by Cushag, Douglas: G & L Johnson, 1908, ar fáil ag www.isle-of-man.com/manxnotebook
  9. 'Miss Sophia Morrison: In Memoriam,’ alt le P. W. Caine, in Mannin, Vol V No. 9, May 1917, available on www.isle-of-man.com/manxnotebook
  10. A Book of Manx Poetry, William Cubbon, Douglas: Manx Language Society, 1913, ar fáil ag www.archive.org
  11. Litir ó Sophia Morrison chun J.J. Kneen, 10 August 1907, luaite in ”On the Quest: Sophia Morrison and Josephine Kermode, alt le Stephen Miller
  12. Published in Mannin, Vol I. No. 2, November 1913, ar fáil ag www.isle-of-man.com/manxnotebook
  13. Mannin Vol. III No. 4, May 1915 agus Vol. IV No. 6, November 1915