Sophia Morrison
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Bealtaine 1859 Purt ny h-Inshey, Oileán Mhanann |
Bás | 24 Eanáir 1917 57 bliana d'aois Purt ny h-Inshey, Oileán Mhanann |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir, bailitheoir síscéalta |
Gníomhaí cultúrtha, béaloideasaí agus údar ó Oileán Mhanann ba ea Sophia Morrison (24 Bealtaine 1859 – 14 Eanáir 1917). Luaitear í mar laoch de chuid athbheochan chultúrtha Mhanann.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Morrison in Purt ny h-Inshey (Port na hInse/Peel) agus í ar an tríú duine de naonúr clainne a rugadh do Charles Morrison (1824-80) agus dá bhean Louisa (née Crellin) (1830-1901). Ceannaí mór ba ea a hathair agus cabhlach báid iascaireachta aige.[1]
D’fhreastail sí ar an Clothworkers’ School agus rinne sí staidéar ar an gceol i Londain ag Coláiste Ceoil na Tríonóide lena cara Edmund Goodwin. Bhí sí ar an gcéad Mhanannach chun dioplóma ceoil a bhaint amach.[2] Bhí suim aici i dteangacha agus bhí Gaeilge Mhanann agus Fraincis ar a dtoil aici, in éineacht leis an eolas a bhí aici ar Ghaeilge na hÉireann, ar Ghaeilge na hAlban, ar Iodáilis agus Spáinnis.[2] Thug sí cuairt ar an bhFrainc, an réigiún Bascach agus na Stáit.[3]
Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aithníodh le linn Morrison gurbh í an t-údar ba mhó ar bhéaloideas Mhanann í agus théadh béaloideasaithe móra eile i gcomhairle léi. Scríobh sí ailt don iris Folk Lore, do Celtic Nations & their Literary Activities (a chuir Rhŷs Phillips in eagar) agus do Fairy Faith in Celtic Countries (1911) (Walter Evans-Wentz).[2]
Ba é Charles Roeder (1848–1911), béaloideasaí Gearmánach a bhí ina chónaí i Manchain, a spreag Morrison chun dul i mbun oibre ar bhealach praiticiúil proifisiúnta. Dúirt sé léi: "You are really the only Manx person I know who quite understands the great value of all these matters."[4] Ba nós léi dul chun cainte le daoine amuigh faoin tuath agus is minic a théadh sí amach ag bailiú scéalta agus eile le cairde ar nós Josephine Kermode (“Cushag”).[5] Chuaigh Roeder agus Morrison i gcomhar lena chéile chun Manx Proverbs and Sayings a fhoilsiú in 1905.
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Gaeilge Mhanann ar a toil ag Morrison toisc an chomhrá a dhéanadh sí le pobal na háite, leithéidí iascairí Phort na hInse (Purt ny h-Inshey/Peel), dream ar chuir sí aithne mhaith orthu trína hathair. Bhí fonn orthu an teanga a chaomhnú agus chuir sí ranganna Gaeilge ar bun i bPort na hInse in éineacht le O. Joughin agus William Cashen, ranganna a bhí le fáil feasta sa chuid is mó de bhailte móra an oileáin.[6]
Bhí sí orthu siúd a bhunaigh Yn Çheshaght Ghailckagh (An tSeiseacht Ghaelcach, eagraíocht chun an teanga a chur chun cinn) in 1899,[7] agus bhí sí ina Rúnaí uirthi ón mbliain 1901 go dtí a bás. Dá bhrí sin bhí lámh mhór aici i roinnt leabhar le daoine eile a chur i gcló, go háirithe First Lessons in Manx (1901), leabhar le Edmund Goodwin.[2]
Bhí fonn uirthi freisin Béarla Mhanann a chaomhnú agus barúil aici go raibh an chanúint i mbaol de dheasca chúngú an Bhéarla ón taobh amuigh.
Mannin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Morrison freagrach as Mannin: Journal of Matters Past and Present relating to Mann, iris Yn Çheshaght Ghailckagh, a thagadh amach dhá uair in aghaidh na bliana agus naoi n-eagrán foilsithe idir 1913 and 1917. Ba í buaic shaothar Morrison í, “formalizing the ideals of the early-twentieth century Manx cultural movement”.[8] Ba í Morrison a chuir an iris in eagar agus a mhaoinigh í.[9]
Ba í an iris pointe teagmhála ghluaiseacht chultúrtha Mhanann agus réimse mór ábhair inti - ceol, béaloideas, stair bhéil agus stair scríofa, polaitíocht, dúlra, an Ghaeilge féin, beathaisnéisí daoine mór le rá as Oileán Mhanann, agus filíocht, prós agus drámaí.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na súile agus na cluasa ag teip go dona ar Morrison le himeacht aimsire, agus bhíodh tinneas cinn néarailgeach uirthi. Chuaigh sí faoi scian ar an oileán agus i Manchain chun na súile a leigheas.[2][10] Fuair sí bás den ailse ar an 14 Eanáir 1917 i bPort na hInse.[2]
Liosta leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Manx Proverbs and Sayings (1905) le Charles Roeder (sliocht)
- Manx Cookery Book (1908) le Louisa Morrison (sliocht Curtha i gcartlann 2019-05-26 ar an Wayback Machine)
- Manx Wild Flowers (1908) le Dodd, P. L. Ralfe agus L. Quayle Curtha i gcartlann 2019-01-08 ar an Wayback Machine)
- Manx Fairy Tales (1911) Curtha i gcartlann 2022-10-10 ar an Wayback Machine
- A Vocabulary of the Anglo-Manx Dialect (1924) le A. W. Moore agus Edmund Goodwin (sliocht Curtha i gcartlann 2018-11-17 ar an Wayback Machine)
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 'Speaking from the Shadows: Sophia Morrison and the Manx Cultural Revival’, Breesha Maddrell, Folklore, Vol. 113, No. 2 (Oct. 2002), lch 222
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 J. Stowell Kenyon, Breesha Maddrell and Leslie Quilliam, 2006
- ↑ 'Speaking from the Shadows: Sophia Morrison and the Manx Cultural Revival’, Breesha Maddrell, Folklore, Vol. 113, No. 2 (Oct. 2002), lch 222
- ↑ Charles Roeder to Sophia Morrison, quoted in Breesha Maddrell, 2002, p. 221
- ↑ ‘“On the Manx Quest”: Sophia Morrison and Josephine Kermode’ Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine Stephen Miller, Manx Notes: Folkways and Language, No. 138, 2012
- ↑ ‘Miss Sophia Morrison: In memoriam’[nasc briste go buan] by P. W. Caine, in Mannin, Vol V, No 9, 1917
- ↑ ‘The Origin of the Manx Language Society’ Curtha i gcartlann 2010-10-20 ar an Wayback Machine Sophia Morrison, in The Manx Quarterly, No. 14. Vol. II, 1914
- ↑ Breesha Maddrell, 2002, lch 231
- ↑ ‘Miss Sophia Morrison’ Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine in Manx Quarterly No 18 Vol IV, 1917
- ↑ Stephen Miller, 2012