Joseph Rotblat
Cuma
Ainm sa teanga dhúchais | (pl) Józef Rotblat |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 4 Samhain 1908 Vársá (Impireacht na Rúise) |
Bás | 31 Lúnasa 2005 96 bliana d'aois Londain (an Ríocht Aontaithe) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Vársá - fisic (–1938) Ollscoil Learphoill - fisic (–1950) Ollscoil Londan (–1953) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | High energy nuclear physics (en) agus fisic núicléach |
Gairm | fisiceoir |
Fostóir | Ollscoil Dhún Éideann |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1939 | Tionscadal Manhattan |
Teaghlach | |
Athair | Zygmunt Rotblat |
Gradam a fuarthas
| |
| |
Fisiceoir is gníomhaí Polannach-Bhriotanach i gcoinne arm núicléach, a rugadh i Vársá na Polainne ab ea Joseph Rotblat (4 Samhain 1908 – 31 Lúnasa 2005). Rugadh é mar Jósef Rotblat. Cónaí air sa Bhreatain ó 1939. D'oibrigh sé ar an Tionscadal Manhattan i Saotharlann Los Alamos, i Nua-Mheicsiceo, sa bhliain 1944. Dhírigh sé ar fheidhmeanna síochánta na fisice núicléiche. Chabhraigh sé leis na comhdhálacha bliantúla i bPugwash faoi theorannú arm núicléach. Roinn sé Duais Nobel na Síochána leis na comhdhálacha seo i 1995.
Giúdach a bhí ann agus chaill sé a bhean chéile, Tola, san Uileloscadh, cé gur éirigh le deirfiúr agus gaolta eile teacht slán as.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joseph Rotblat". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 568.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |