Joseph Jackson Lister
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Eanáir 1786 Cathair Londan, England |
Bás | 24 Deireadh Fómhair 1869 83 bliana d'aois West Ham, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fisiceoir |
Ball de | |
Teaghlach | |
Céile | Isabella Harris (1818–luach anaithnid) |
Páiste | Joseph Lister, Jane Lister, John Lister, Isabella Sophia Lister, Arthur Hugh Lister, Mary Godlee, William Henry Lister |
Athair | John Lister agus Mary Jackson |
Gradam a fuarthas |
Ceannaí fíona is micreascópaí amaitéarach a rugadh i Londain ab ea Joseph Jackson Lister (11 Eanáir 1786 – 24 Deireadh Fómhair 1869). Shaothraigh sé bealach chun córais lionsaí a thógáil inar laghdaíodh go mór iomraill chrómatacha is sféarúla. I 1826 thóg James Smith micreascóp feabhsaithe de réir dearadh Lister, agus baineadh feidhm as an bhliain dár gcionn chun an chéad fhoilseachán inniúil iontaofa ar histeolaíocht a tháirgeadh. Toghadh é ina bhall den Chumann Ríoga i 1832. Athair do Joseph Lister ab ea Joseph Jackson Lister.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joseph Jackson Lister". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 414.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |