Joseph Jackson Lister

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Joseph Jackson Lister

Ceannaí fíona is micreascópaí amaitéarach a rugadh i Londain ab ea Joseph Jackson Lister (11 Eanáir 178624 Deireadh Fómhair 1869). Shaothraigh sé bealach chun córais lionsaí a thógáil inar laghdaíodh go mór iomraill chrómatacha is sféarúla. I 1826 thóg James Smith micreascóp feabhsaithe de réir dearadh Lister, agus baineadh feidhm as an bhliain dár gcionn chun an chéad fhoilseachán inniúil iontaofa ar histeolaíocht a tháirgeadh. Toghadh é ina bhall den Chumann Ríoga i 1832. Athair do Joseph Lister ab ea Joseph Jackson Lister.