Josef Locke (teanór, 1917-1999)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosef Locke

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Márta 1917
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Deireadh Fómhair 1999
82 bliana d'aois
Claonadh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1949 –
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Cineál guthaTeanóir

UirlisCeol gutha

IMDB: nm0516760 Musicbrainz: 1a9bf859-1dc2-495b-9e7c-289be7731a9f Songkick: 288533 Discogs: 938266 Allmusic: mn0000007521 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuimhneachán, City Hotel, Queen's Quay, Doire

Teanór as Doire, a raibh clú air ar fud an domhain, ab ea Joseph McLaughlin, Seosamh Mac LochlainnJosef Locke, a ainm stáitse (23 Márta 191715 Deireadh Fómhair 1999).[1] Tugadh "The Singing Bobby" air chomh maith (chuaigh sé sna póilíní, an RUC, nuair a bhí sé óg).

ag casadh Puccini san Olympia agus é óg

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chas Laocke sa Desert Inn in Las Vegas

Tháinig McLaughlin chun tosaigh sa chomórtas teanór sna 1930idí i nDoire.[2] Go gairid i ndiaidh an corn a bhaint amach i bhFeis Dhoire, bhí McLaughlin ag canadh Puccini in Amharclann an Olympia i mBaile Átha Cliath.

Chuirfeadh an domhan Sasanach, BBC agus Blackpool, agus an domhan Meiriceánach, Las Vegas, aithne air mar Josef Locke, leagan rómánsúil dar leo mar chomharba ar Richard Tauber.[3]

Ba é an t-aisteoir ba mhó pá é i Sasana an t-am sin. Ach tar éis tuarastal Las Vegas, níor fhéad Locke canadh in áit ar bith ar airgead ba lú.[2]

Féach ar an scannán ó 1992, “Hear My Song”.[4]

D'éag Locke ar 15 Deireadh Fómhair 1999, in aois 82 bliain dó.

Cuntas finné súl[cuir in eagar | athraigh foinse]

'Deirfiúr dom (Lorcán Ó Treasaigh)[2] a thug dom an t-airgead le dul isteach ar an tram (leath-phraghas mar bhuachaill scoile) agus suas chun an lochta (a dtugaimis na 'déithe' air) agus ar naoi bpingine taitneamh a bhaint as 'matinée' an tSathairn. Dearmad go brách ní dhéanfaidh mé ar shaibhreas an ghlóir óig sin a líon an amharclainn go réidh gan gairbhe. Anois nach bhfuair mise luach mo naoi bpingine an tráthnóna Sathairn sin i lochta an Olympia nuair a theilg Seosamh Mac Lochlainn, gan micreafón, gan cabhair leictreach, a ghlór úr oirirc uaidh. Chuir sé croí bhuachaill scoile ar snámh an lá sin ar mhuir rachmasach an cheoil.'[2]

Cuimhneachán, City Hotel, Queen's Quay, Doire

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Remembering Josef Locke" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2021-10-15.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Lorcán Ó Treasaigh (1997). "Turas Eireann: Cuairteanna gairide i gcontaetha na hEireann (lch 20)". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
  3. "Richard Tauber" (as en) (2021-10-05). Wikipedia. 
  4. "'Hear My Song'. The great Irish tenor, Josef Locke." (as en) (1992) Youtube.com.