Jonas Jonasson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJonas Jonasson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Iúil 1961
62 bliana d'aois
Växjö, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Göteborg Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGotland
Ponte Tresa
Gníomhaíocht
Réimse oibrePrós, meáin chumarsáide, léiriú teilifíse agus iriseoireacht
Gairmiriseoir, scríbhneoir, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSualainnis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjonasjonasson.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm4932770 Musicbrainz: 5cd54aa5-6b2f-488b-99ba-71b1a1b9897c Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí agus iriseoir Sualannach atá i Jonas Jonasson, a rugadh ar 6 Iúil 1961 i Växjö i ndeisceart na Sualainne.

Rinne sé staidéar ar an Sualainnis agus ar an Spáinnis ag Ollscoil Gothenburg. D'oibrigh Jonasson ina dhiaidh sin mar iriseoir do na páipéir nuachta Smålandsposten in Växjö agus ansin Expressen.

Díoladh breis is 700,000 cóip dá chéad úrscéal (2009), Hundraåringen som klev ut genom fönstret och försvinn, a aistríodh go Béarla mar The 100-year-old man who climbed out the window and disappeared. Coiméide dhubh atá ann ina leantar an príomhcharachtar trí cuid mhaith de mhórtheagmhais an domhain ó Chogadh Cathartha na Spáinne i leith. Tá dhá úrscéal eile scríofa aige ó shin.

Tá Jonasson ina chónaí lena mhac in Hogrän ar oileán Gotland.

Úrscéalta le Jonasson[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hundraåringen som klev ut genom fönstret och försvinn ("An duine céad bliana d'aois a d'éalaigh tríd an bhfuinneog agus a d'imigh as radharc"), Piratförlaget, Stockholm 2009. ISBN 978-91-642-0296-3
  • Analfabeten som kunde räkna ("An duine nach raibh léamh aici ach a raibh comháireamh aici"), Piratförlaget, Stockholm 2013. ISBN 978-91-642-0396-0.
  • Mördar-Anders och hans vänner (samt en och annan ovän) ("Anders dúnmharfóir agus a chairde (in éineacht le roinnt naimhde)"), Piratförlaget, Stockholm 2015. ISBN 978-91-642-0477-6.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]