Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 21 Meitheamh 1929 Indreabhán, Éire |
| Bás | 27 Deireadh Fómhair 2006 77 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | teangeolaí, drámadóir, aistritheoir, file, aisteoir |
| Ball de | |
File agus drámadóir Éireannach ab ea Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (1930–2006). Thugtaí “Rí-Éigeas an Bhéil Bheo” air.[1][2][3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh Johnny le Cóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, gabha, agus Máire Ní Dhonnchadha ar 21 Meitheamh 1929. Ba é an duine ab óige é de cheathrar cailíní agus beirt bhuachaillí. Bhí feirm 12 acra ag a mhuintir. I Scoil na Tulaí a cuireadh bunoideachas air agus ar feadh seacht mbliana bhí sé ag freastal ar scoil oíche ann.[1]
Bhí an phríomhpháirt aige in An Dochtúir Bréige agus bhuaigh sé bonn óir as a chuid aisteoireachta le Taidhbhearc na Gaillimhe. Bhí spéis aige sa drámaíocht, agus thosaigh sé ag scríobh drámaí grinn. Tá an chuid is mó dá dhrámaí, inar ghlac sé an phríomhpháirt de ghnáth, bunaithe ar théamaí traidisiúnta.[4][5]
Ba dlúthchara de chuid Johnny an t-aisteoir Diarmuid Mac an Adhastair agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid.[6]
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Tincéara Buí, 1962
- Ortha na seirce, 1968
- Pionta Amháin Uisce, 1978
- Buille Faoi Thuairim Gabha, 1987
- An cruastóir agus An mhéar fhada, 1995
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Diarmuid Mac an Adhastair
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Ó COISDEALBHA, Johnny Chóil Mhaidhc (1929–2006)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2026-07-10.
- ↑ "Grianghraif" (ga-IE). Bailiúchán Béaloidis Árann. Dáta rochtana: 2026-07-10.
- ↑ “Seán Ó Coisdealbha”. Irish Theater Institute. Dáta rochtana: 2019-04-23.
- ↑ “Johnny Chóil Mhaidhc”. Dublin City University. Dáta rochtana: 2019-04-23.
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC AN ADHASTAIR, Diarmuid (1943–2015) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.