John Taliaferro Thompson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
John T. Thompson

Saighdiúir is ceapadóir Meiriceánach a rugadh i Newport, Kentucky ab ea John Talafierro Thompson (31 Nollaig 1860 - 21 Meitheamh 1940). Cheap sé gunna Thompson, ceann de na fo-mheaisínghunnaí luatha éifeachtacha. Bhí an tommy gun seo míchlúiteach mar an ngunna ba ghile leis na bithiúnaigh le linn an Choisc ar Alcól sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.