John Hanning Speke
Jump to navigation
Jump to search
Taiscéalaí a rugadh i mBideford Shasana ab ea John Hanning Speke (1827-1864). Le Richard Burton, tháinig sé ar Loch na Tangainíce (1858), an chéad uair ag duine geal ar an taifead, agus ansin thaistil sé ina aonar gur tháinig ar loch ar thug sé Loch Victeoiria air. Mhaígh sé go raibh sé tar éis foinse na Níle a aimsiú, ach níor creideadh é. Eagraíodh aistear eile (1860-1863), ach fuair sé bás roimh a fhionnachtain a chruthú.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |