Jim Fahy
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1946 Baile Locha Riach, Éire |
Bás | 2022 75/76 bliana d'aois Tuaim, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir |
Iriseoir agus iar-Eagarthóir RTÉ san Iarthar ba ea Jim Fahy (21 Samhain 1946 – 14 Eanáir 2022). Chaith Jim Fahy cuid mhaith dá shaol oibre ag saothrú don chraoltóir náisiúnta idir theilifís agus raidió. Bhíodh a ghlór le cloisteáil go minic agus scéalta móra nuachta á gcraoladh ó iarthar na tíre.[1][2][3][4]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'as ceantar Bhaile Locha Riach do Jim Fahy ó dhúchas, ach bhí cónaí air i gceantar Thuama nuair a chuaigh sé ar scor.
Tar éis tús a chur lena ghairm bheatha iriseoireachta leis an nuachtán The Tuam Herald. Iriseoir 'ar an seandéanamh' a bhí ann; é dúthrachtach, ionraic agus intinn fhiosrach aige.[5]
Cor cinniúnach ina shaol ba ea a chinneadh dul le RTÉ i 1974. Chuir sé athrú as éadan ar an gcur chuige i leith tuairisciú réigiúnach.[6]
Bhí sé mar chomhfhreagraí ag RTÉ san iarthar, agus ansin i 2005 bronnadh post air mar eagarthóir an chraoltóra sa réigiún sin.
Doiciméadaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thaistil Fahy chuig an Afraic, an Úcráin, Meiriceá Theas, Háítí agus áiteanna eile i bhfad i gcéin, agus rinne sé saol daoine a raibh tionchar ag gorta, cogadh, bochtaineacht agus éagóir orthu a dhoiciméadú.
B'é an chéad iriseoir Eorpach a dhein a shlí isteach in Ground Zero i ndiaidh thubaiste 9/11 sa bhliain 2001. Thuill na cláir faisnéise a rinne sé i gcomhar leis an léiritheoir Caroline Bleahen moladh ó mhórán.
Chuaigh na saothair a rinneadh sa Bhealarúis agus san Úcráin (Searnóbail) i bhfeidhm ar mhórán.
Ghnóthaigh sé breis agus daichead gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta as a chuid scannánóireachta.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh sé as a chuid oibre le RTÉ i 2011.
Bhí Jim Fahy in aois a chúig bliana is seachtó nuair a bhásaigh sé ar 14 Eanáir 2022.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2022-01-17). "Jim Fahy adhlactha" (as ga-IE).
- ↑ "Tús Áite: Bás Jim Fahy" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ "Jim Fahy obituary: Western editor with a huge zest for stories" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Greg Murphy (2022-01-15). "President Higgins leads tributes to former RTÉ correspondent Jim Fahy" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (12 Nollaig 2022). "Cuntas ceanúil ar an iriseoir Jim Fahy, guth an iarthair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-05). "Cloch le Carn: Jim Fahy, craoltóir cumasach agus cara" (as ga-IE).