Jamie-Lee O'Donnell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJamie-Lee O'Donnell

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1992
31/32 bliana d'aois
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil De Montfort
St Cecilia's College
North West Regional College
St Anne's Primary School Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
4 Eanáir 2018Derry Girls Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm5324035 Rottentomatoes: celebrity/jamie_lee_odonnell
Twitter: JamieLeeOD Instagram: jamie.lee.od Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir Éireannach Tuaisceartach í Jamie-Lee O’Donnell. Is as Doire di. Tá cáil uirthi as ról a ghlacadh mar Michelle Mallon sa chlár teilifíse de chuid Channel 4 Derry Girls.[1]

Go luath ina saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh O'Donnell i nDoire, Tuaisceart Éireann agus tá teaghlach mór aici. D’fhreastail sí ar Bhunscoil Naomh Áine, ar St Cecilia's College, agus ar North West Regional College.

Thosaigh sí ag déanamh aisteoireachta i ndrámaí scoile nuair a bhí sí óg. Nuair a bhain sí céim amach sa mheánscoil, chuaigh sí sa tóir ar ghairm sa drámaíocht cé nach raibh sí in ann íoc as scoil drámaíochta.

Ina ionad sin, rinne sí staidéar ar na taibhealaíona ag Ollscoil De Montfort in Bedfordshire.[2]

Thosaigh sí ag dul le haghaidh éisteachta agus ag roinnt a cuid ama idir Sasana agus a baile, ag glacadh páirte i léiriúcháin amharclainne agus ag obair mar dhamhsóir le haghaidh feachtais agus geamaireachtaí.[3][4]

Gairm bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir 2012 agus 2015, rinne O'Donnell a céad ról suntasach mar Eva Maguire, príomhcharachtar na sraithe teilifíse 6Degrees ar BBC2 NI.[5] Ina dhiaidh sin, ghlac sí páirt sa scannán Urban & the Shed Crew, le Candida Brady.

Sa bhliain 2018, bhí an phríomhpháirt aici i léiriúchán amharclainne I Told My Mum I Was Going on an RE Trip, le Julia Samuels. Ghlac sí ról mar chailín óg a socraíonn ginmhilleadh a dhéanamh.[3] An bhliain dár gcionn, chuaigh sí le foireann aisteoirí an dráma Girls and Dolls, le cruthaitheoir Derry Girls Lisa McGee,[6] agus bhí páirt aici in The Cripple of Inishmaan le Martin McDonagh ag Amharclann an Gaiety.[7]

Tamall ina dhiaidh sin, thuill O'Donnell ról mar Michelle Mallon sa tsraith theilifíse Derry Girls le Channel 4, a bhain clú idirnáisiúnta amach.[2] Maidir lena ról mar Michelle, dúirt sí, “Michelle really thinks she's maybe just a bit too big for the place she was born in and she's ready to take on the world one swearword at a time. She's really feisty, really ballsy, doesn't really care about authority, just sort of up for anything and up for a laugh."[8]

Ghlac O'Donnell agus a comhaisteoirí Derry Girls páirt i gclár speisialta RTÉ Does Comic Relief chun airgead a thiomsú, ag déanamh sceitse le Saoirse Ronan. Bronnadh an t-airgead ar fad a bhailigh siad ón oíche ar na daoine ar fhulaing mar gheall ar phaindéim COVID-19.[9]

A saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá O’Donnell ina cónaí i nDoire lena páirtí, an DJ Paul McCay.[2] Tá sí ina pátrún ar an gcomhlacht amharclainne óige, 20 Stories High, atá lonnaithe i Learpholl.[5]

An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh O'Donnell ag foghlaim Gaeilge le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire. Dúirt sí "Tá lúcháir orm go bhfuil mé ag foghlaim Gaeilge faoi dheireadh. Tá mo chroí go mór sa teanga agus is bealach iontach é domsa eolas a chur ar mo chultúr."[10][11]

Scannánaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Year Title Role Notes
2015 Urban & the Shed Crew Tuairisceoir Gearrscannán
2018 Doing Money Fiona Scannán teilifíse
2020 The Fruit Fix Hope Gearrscannán ar líne
2022 Redeeming Love Lucky

Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí
2012–2015 6Degrees Eva Maguire 18 eipeasóid
2018–2022 Derry Girls Michelle Mallon Príomhpháirt
2022 - i láthair Screw Rose Gill drámaíocht Channel 4; príomhpháirt

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tá i bhfad níos mó ná maoithneachas ag baint le ‘Derry Girls’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  2. 2.0 2.1 2.2 "Derry Girl Jamie-Lee O’Donnell: ‘I didn’t realise I’d be so intimidated by fame’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  3. 3.0 3.1 "People expect me to be wild. They keep buying me shots! Derry Girls' Jamie-Lee O'Donnell on overnight fame" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  4. "Series 3 Cast Interview: Jamie-Lee O'Donnell" (as en) . 
  5. 5.0 5.1 Christian Lisseman (2020-07-03). "Jamie-Lee O’Donnell: pipe dreams and punchlines" (en-GB). Big Issue North. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  6. Lisa McGee (2006). "Girls and dolls". London: Nick Hern. OCLC 85691046. 
  7. Rebecca Sun, Rebecca Sun (2019-09-30). "‘Derry Girls’ Star Jamie-Lee O’Donnell Signs With Gersh (Exclusive)" (en-US). The Hollywood Reporter. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  8. "Jamie-Lee O’Donnell interview (who plays Michelle) | Channel 4". www.channel4.com. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  9. "Derry Girls cast fangirl over Ronan in hilarious sketch" (as en) (2020-06-26). 
  10. "https://twitter.com/culturlanndoire/status/1565716780148002818" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-09-08.
  11. "Derry Girls’ Jamie-Lee O’Donnell ‘delighted’ to be learning Irish" (en). www.derryjournal.com (2022-09-05). Dáta rochtana: 2022-09-08.