James Bulger
James Bulger | |
---|---|
Saol | |
Ainm iomlán | James Patrick Bulger |
Eolas breithe | Learpholl agus Merseyside, 16 Márta 1990, 1990 |
Bás | Learpholl, 12 Feabhra 1993 |
Áit adhlactha | Kirkdale Cemetery (en) ![]() |
Cúis bháis | dúnmharú (tráma mhaol) |
Gairm |
- Is alt faoin tachrán Sasanach a dúnmharaíodh sa bhliain 1993 é seo; tá alt ar leith faoin gcoirpeach Meiriceánach James "Whitey" Bulger ann freisin.
Buachaill dhá bhliain d'aois as Kirkby, Merseyside, Sasana, ba ea James Patrick Bulger (Jamie Bulger uaireanta)[1] (rugadh é ar 16 Márta 1990).[2] Fuadaíodh, céasadh agus maraíodh sa bhliain 1993 é. Ba bheirt bhuachaillí deich mbliana d'aois ag an am a mharaigh é, Robert Thompson (a rugadh ar an 23 Lúnasa 1982) agus Jon Venables (a rugadh ar an 13 Lúnasa 1982).[3]
Fuarthas Thompson agus Venables ciontach as Bulger a mharú ar an 24 Samhain 1993, agus b'iad an bheirt b'óige a ciontaíodh as dúnmharú sa ré reatha de stair Shasana. Scaoileadh iad i Meitheamh na bliana 2001.
Díospóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá díospóireacht ann fós ar conas déileáil le hógchiontóirí nuair a dhaortar iad nó nuair a scaoiltear iad ó chúram an stáit.[4] Tharraing an cás Bulger agus a chuid iarmhairtí leanúnacha aird an phobail ar an gcaoi ar chóir don dlí dul i ngleic le leanaí a dhéanann dúnmharú, an seans a bhíonn ann go n-athshlánófar a leithéid sin de chiontóir agus an méid is féidir a n-aitheantas agus a sábháilteacht a chosaint ar chur isteach, go mór mór i ré na meán sóisialta.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Séamas Ó Bolghuidhir as Gaeilge
- ↑ "The killers and the victims". CNN. 22/6/2001 Faighte ar an 8 Márta 2010.
- ↑ "Thompson & Venables Recommendations as to Tariffs to the Secretary of State for Home Affairs". 26 Deireadh Fómhair 2000 Curtha i gcartlann 2005-12-26 ar an Wayback Machine Faighte ar an 15 Márta 2010.
- ↑ Firth, Paul (3 Márta 2010). "A question of release and redemption as Bulger killer goes back into custody". Yorkshire Post. Johnston Press Faighte ar an 8 Márta 2010.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "james Bulger" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-13.