Dúnmharú Ana Kriégel
| ||||
Cineál | dúnmharú fuadach | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 14 Bealtaine 2018 | |||
Suíomh | Leamhcán, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Íospartach | Ana Kriégel | |||
Líon básanna | 1 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Dúnmharaíodh Ana Kriégel, cailín scoile a bhí ceithre bliana déag, i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath ar 14 Bealtaine 2018.[1][2] Fuarthas a corp i dteach feirme tréigthe ar Bhóthar Chluain Aodha i Leamhcán ar 17 Bealtaine 2018.[3] Bhí Ana básaithe 45 nóiméad tar éis di a teach cónaithe a fhágáil agus bhí iarracht ar éigniú.
Ciontaíodh beirt déagóirí i ndúnmharú Ana. Bhí na buachaillí 13 bliain ag an am. B'iad na daoine is óige a ciontaíodh i ndúnmharú ó bunaíodh an Stát.[4]
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail "Buachaill B" síos chuig teach Ana tráthnóna Dé Luain 14 Bealtaine 2018 agus go ndúirt sé léi go raibh "Buachaill A" ag iarraidh bualadh léi sa pháirc.[5]
Rinneadh ionsaí brúidiúil ar Ana. Fuarthas an corp i seomra dorcha i dteach tréigthe, seanteach feirme, ar imeall Pháirc San Caitríona, agus iallach ar a muineál. Bhí an corp nocht - seachas péire stocaí - ar an urlár. Bhí a cuid gruaige smeartha ar a héadan agus bhí fuil ar a béal agus ar a srón. Bhí a lámh dheas sínte amach aici agus méaracha a láimhe clé faoin iallach ar a muineál, amhail is go raibh sí ag streachailt leis an gceangal agus ag iarradh é a scaoileadh uaithi.[6]
Bhí Ana ar iarraidh ar feadh trí lá roimhe sin.
Triail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé séanta ag beirt bhuachaillí, trí bliana déag d'aois sa bhliain 2018, gur dhúnmharaigh siad Ana. Phléadáil duine de na buachaillí, "Boy A", neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.
Chinn an giúiré gur mharaigh an chéad duine acu, "Buachaill A", an cailín óg nuair a rinne sé a ceann agus a muineál a ghortú go dona. Ciontaíodh chomh maith é as ionsaí gnéis foréigneach a dhéanamh uirthi.[7]
Fuarthas gur mheall an dara buachaill, "Buachaill B", an cailín óna teach agus fios aige céard a bhí i ndán di. D’fhéach sé ar an gcailín á hionsaí agus cheil sé eolas ina dhiaidh sin faoin dúnmharú.
Pionós
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téarma saoil faoi choinneáil a gearradh ar Bhuachaill A ach déanfar athbhreithniú ar an bpianbhreith sin faoi cheann 12 bliain féachaint ar cheart é a scoileadh saor.
Téarma 15 bliain faoi choinneáil a gearradh ar Bhuachaill B agus déanfar athbhreithniú air sin faoi cheann ocht mbliana.
Sa bhliain 2022, rinne Buachaill B achomharc in aghaidh a chiontaithe agus teastaíonn uaidh fianaise úr a chur faoi bhráid na cúirte..[8]
Ana
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an Breitheamh ag an am go raibh beatha Ana ‘an-luachmhar’ agus go n-aireoidh a teaghlach uathu í an chuid eile dá saol.[9] Dúirt sé gur cailín óg folláin a bhí inti a raibh a saol ar fad amach roimpi agus go raibh níos mó ina saol ná an choir seo. Bhí a saol lán le “fuinneamh, spraoi, grá, damhsa agus ceol”.
Ina ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt máthair Ana Kriégel, Geraldine, nach raibh sa saol ach anó d’uireasa a n-iníne. Bhí Ana “ar an bpáiste is aoibhne ar domhan”, a dúirt sí.[10]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceantar é Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge á labhairt go forleathan ann. Tá Gaelscoil Naomh Pádraig ann, agus Gaelcholáiste.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dúmharú James Bulger, dhá bhliain d'aois; fuadaíodh, céasadh agus dúnmharaíodh é ar 12 Feabhra 1993.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conor Gallagher The Irish Times, Irel (2020-09-28). "Ana Kriégel murder trial: The complete story" (en-US). World News Day. Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ "Two of Ireland's youngest killers sentenced after schoolgirl Ana Kriegel's horror murder". www.9news.com.au. Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-04-30). "Ráitis oscailte i dtriail dhúnmharaithe Ana Kriégel" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-11-05). "Téarmaí coinneála gearrtha ar bheirt faoi dhúnmharú Ana Kriégel" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-04-30). "Ana Kriégel básaithe 45 nóiméad tar éis di a teach a fhágáil" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-05-08). "Cur síos na nGardaí ar conas mar a fuair siad corp Ana Kriégel" (as ga).
- ↑ "Beirt bhuachaillí ciontaithe as dúnmharú Ana Kriégel" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-06-22). "Rialú san Iúil maidir le fianaise úr i gcás Ana Kriégel" (as ga).
- ↑ "Pianbhreith shaoil do Bhuachaill A agus téarma 15 bliain do Bhuachaill B as dúnmharú Ana Kriégel" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-14.
- ↑ "‘Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana’ – máthair Ana Kriégel" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-14.