Dúmharú James Bulger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúmharú James Bulger
Íomhá
Map
 53°26′34″N 2°57′35″W / 53.44267°N 2.95986°W / 53.44267; -2.95986
Cineáltorture murder (en) Aistrigh
fuadach
ionsaí gnéasach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Feabhra 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNew Strand Shopping Centre, Ríocht Aontaithe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachJames Bulger íospartach dúnmharú, torture victim (en) Aistrigh, kidnapping victim (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireRobert Thompson (en) Aistrigh (dúnmharfóir, torturer (en) Aistrigh, kidnapper (en) Aistrigh)
Jon Venables (en) Aistrigh (dúnmharfóir, torturer (en) Aistrigh, kidnapper (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Armbríce
cloch Cuir in eagar ar Wikidata


Is alt faoin tachrán Sasanach a dúnmharaíodh sa bhliain 1993 é seo; tá alt ar leith faoin gcoirpeach Meiriceánach James "Whitey" Bulger ann freisin.

Buachaill dhá bhliain d'aois as Kirkby, Merseyside, Sasana, ba ea James Patrick Bulger (Jamie Bulger uaireanta)[1] (a rugadh ar 16 Márta 1990).[2] Fuadaíodh, céasadh agus dúnmharaíodh é ar 12 Feabhra 1993. Mharaigh beirt bhuachaillí, deich mbliana d'aois ag an am, an lapadán, Robert Thompson (a rugadh ar an 23 Lúnasa 1982) agus Jon Venables (a rugadh ar an 13 Lúnasa 1982).[3][4]

Strand Shopping Centre, Bootle, áit a fuadaíodh Bulger

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leeds and Liverpool Canal i mBootle, áit a céasadh James

Bhí James Bulger lena mháthair i siopalann i mBootle, an New Strand Shopping Centre,[5] ag 15.40 ar 12 Feabhra 1993. Ag an gcuntar amach, d'imigh sé ó radharc uirthi sa ruaille buaille go léir.

Dhá nóiméad níos déanaí, bhí James le feiceáil ar CCTV, ag súil amach in éineacht le Thompson agus Venables. Bhí aithne mhaith sa cheantar ar an bheirt mar ógchiontóirí. Shiúil siad anseo is ansiúd, 4km in iomlán. Chuaigh an triúr isteach i siopa peataí ach caitheamh amach iad. Chonaic 38 duine iad ar feadh an lae, sa siopalann nó amuigh faoin aer, daoine a bhí ag dul an bealach. Stopadh iad dhá uair agus cuireadh ceist orthu, ach ghlac na daoine a bhí ag dul thar bráid an leithscéal a thug Thompson agus Venables ('cailleadh James agus bhí siad ag dul chuig na póilíní').

Bhí an céasadh agus an dúnmharú fuilteach amach is amach. Lig na gasúir orthu féin gur timpiste a bhí ann. Chuir siad an corp ar líne traenach agus bhuail traein é. Níor thángthas ar an gcorp ach dhá lá níos déanaí, nuair a d'aimsigh cúpla gasúir taisí daonna ar an líne traenach.

Fuarthas Thompson agus Venables ciontach as Bulger a mharú ar an 24 Samhain 1993, agus b'iad an bheirt b'óige a ciontaíodh as dúnmharú sa ré reatha de stair Shasana. Scaoileadh iad i Meitheamh na bliana 2001. D'éirigh Venables ina athchiontóir.[6][7] I gcodarsnacht leis, bhí Thompson i gcaidreamh le duine le fada, is cosúil.[8]

Díospóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá díospóireacht ann fós ar conas déileáil le hógchiontóirí nuair a dhaortar iad nó nuair a scaoiltear iad ó chúram an stáit.[9] Tharraing an cás Bulger agus a chuid iarmhairtí leanúnacha aird an phobail ar an gcaoi ar chóir don dlí dul i ngleic le leanaí a dhéanann dúnmharú, an seans a bhíonn ann go n-athshlánófar a leithéid sin de chiontóir agus an méid is féidir a n-aitheantas agus a sábháilteacht a chosaint ar chur isteach, go mór mór i ré na meán sóisialta.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Séamas Ó Bolghuidhir as Gaeilge
  2. "The killers and the victims". CNN. 22/6/2001 Faighte ar an 8 Márta 2010.
  3. Johnny Goldsmith (2013-02-08). "James Bulger murder: 20 years on" (en). mirror. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  4. "Thompson & Venables Recommendations as to Tariffs to the Secretary of State for Home Affairs". 26 Deireadh Fómhair 2000 Curtha i gcartlann 2005-12-26 ar an Wayback Machine Faighte ar an 15 Márta 2010.
  5. "New Strand Shopping Centre" (as en) (2022-09-03). Wikipedia. 
  6. Liam Coleman (2022-12-29). "James Bulger's killer Jon Venables 'could walk free from prison in weeks'" (en). Metro. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  7. Jamie Grierson (2018-02-07). "Bulger killer jailed over indecent images of children" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  8. (2021-09-29). "Where is Robert Thompson now?" (en-gb). The Sun. Dáta rochtana: 2023-02-11.
  9. Firth, Paul (3 Márta 2010). "A question of release and redemption as Bulger killer goes back into custody". Yorkshire Post. Johnston Press Faighte ar an 8 Márta 2010.
  10. Scoil Dlí, COBÁC. "james Bulger" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-13.