Jamón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaJamón
Bunús
Tír dhúchaisan Spáinn
Sonraí
Cineálliamhás amh
Príomh-chomhábhaircos muice

Is cineál liamháis leasaithe a tháirgtear sa Spáinn é jamón (fuaimniú sa Spáinnis: [xaˈmon], iolra jamones). Tá sé ar cheann de na táirgí bia is mó aithne ar fud an domhain de chuid chócaireacht na Spáinne.[1][2] Úsáidtear é mar chomhábhar in tapas go minic freisin.[3][4]

Is é jamón an focal Spáinnise ar liamhás.[5] Mar sin, d'fhéadfaí an t-ainm seo a thabhairt freisin ar tháirgí liamháis eile a dhéantar i dtíortha ina labhraítear an Spáinnis.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, itear jamón ina sliseanna tanaí, gearrtha de láimh ó chos deiridh muice a choinnítear ar sheastán jamonero, nó gearrtha as an bhfeoil dhíchnámhaithe le slisneor rothlach.

jamón cosúil le presunto na Portaingéile agus le prosciutto na hIodáile, an difríocht is mó eatarthu ná an chéim leasaithe níos faide (suas le 18 mí), rud a thugann uigeacht níos tirime, dath níos doimhne, agus blas níos láidre do jamón i gcomparáid leis na cinn eile.

Tá cos iomlán jamón i bhfad níos saoire de réir meáchain ná an táirge slisnithe toisc go bhfuil an chnámh agus an tsaill dho-ite fós ann. Nuair a bhaintear na sraitheanna seachtracha saille agus a nochtar an fheoil, caithfear an táirge a ithe chomh luath agus is féidir toisc go dtosaíonn próiseas triomaithe agus meathlaithe. Ní fadhb é seo do bhialanna ná do mhiondíoltóirí, ós rud é go n-úsáideann siad an táirge i bhfad níos tapúla ná an gnáth-thomhaltóir.[6] De ghnáth, roghnaíonn daoine aonair an táirge slisnithe, gearrtha ó sheastán, réamhphacáistithe go trádálach, nó folúsphacáilte. Tá jamón slán le hithe chomh fada agus a choinnítear an chos i dtimpeallacht thirim agus fhionnuar agus in áit nach mbeadh an ghrian ag soilsiú go díreach uirthi. Ach caithfear an fheoil a chur i gcuisneoir tar éis di a bheith gearrtha ón gcos.[7][8]

Deataítear jamón i réigiúin áirithe freisin, áiteanna ina n-úsáidtear é le haghaidh tomhaltais phearsanta den chuid is mó. Tá an cineál jamón seo coitianta i ndeisceart Castilla y León agus i gcodanna de Extremadura. Tá sé níos crua ná gnáth-jamón agus tá blas deataigh/salainn air.

jamón ar fáil go forleathan sa Spáinn (fiú má tá siad costasach) agus is féidir teacht air i roinnt tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ach, mar gheall ar dhleachtanna ar allmhairí agus srianta trádála nó sábháilteachta bia a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí feola eachtracha,[9] ardaíonn an praghas i margaí idirnáisiúnta go dtí go mbíonn sé róchostasach jamón a allmhairiú isteach i dtíortha eile.

Tá dhá phríomhlipéad tráchtála ar chineálacha jamón, bunaithe ar phór na muice agus ar shonrúcháin chosanta:

  • Jamón ibérico, déanta as muc dhubh na hIbéire. Itear mar shócamas é go hidirnáisiúnta.
  • Jamón serrano a chuimsíonn an chuid is mó de na cineálacha eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Yeomans (2016-10-04). “14 Spanish dishes everyone should try” (en). CNN Travel. Dáta rochtana: 2019-10-30.
  2. What to Know About Cooking Methods and Ingredients in Spanish Cuisine” (en). The Spruce Eats. Dáta rochtana: 2019-10-30.
  3. Casas, P. (1985). Introduction. In Tapas, the little dishes of Spain (xv) [Introduction]. New York: Alfred A. Knopf.
  4. Spanish tomato bread with jamón Serrano” (en). BBC Good Food. Dáta rochtana: 2019-10-30.
  5. ASALE. “jamón” (es). «Diccionario de la lengua española» - Edición del Tricentenario. Dáta rochtana: 2019-10-30.
  6. Cómo elegir el mejor jamón o paleta | OCU” (es-ES). www.ocu.org. Dáta rochtana: 2019-10-30.
  7. Conservación del jamón” (es). Guía Jamón. Dáta rochtana: 2019-10-30.
  8. ¿Cuánto dura la comida en la nevera?” (es). El Comidista (2016-07-12). Dáta rochtana: 2019-10-30.
  9. US Customs tosses out $100 worth of gourmet ham couple brought back from Spain” (en-US). Los Angeles Times (2015-06-17). Dáta rochtana: 2019-10-31.