Is trua liom na scéalta do chuala go déanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Chum Uilliam "an Chreatháin" Ó Dáibhoireann an dán Is trua liom na scéalta do chuala go déanach sna 1770í.

Tar éis an chéad chath de Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá (cath a troideadh ag Concord, Massachusetts i mí Aibreáin 1775), dhruid arm na Breataine isteach go Bostún agus chuir mílísteoirí ó Shasana Nua imshuí ar an gcathair. Rinne na Briotanaigh iarracht an léigear a bhriseadh i mí an Mheithimh. Ghabh siad dún a bhí tógtha ag na Meiriceánaigh ar mhullach Bunker Hill ach chaill siad an oiread sin saighdiúirí i rith an ionsaí gurbh éigean dóibh cúlú ar ais go Bostún. Sin iad na heachtraí a spreag an dán seo.

Níor cheill Ó Dáibhoireann an dearg-ghráin a bhí aige ar an mBreatain agus ar an gCinsealacht in Éirinn, ach is léir nach raibh bá dá laghad aige leis na Meiriceánaigh ach oiread. Cheap sé gur chaith an dá dhream go dona leis na Gaeil - mar a deir sé sa dán, ba bhuartha agaibh Gaelaibh, is ag an slua san do bhur bpléascadh. Ach ba chúis áthais dó é go raibh fórsaí na Breataine á bplancadh ag dream éigin sa deireadh. Tar éis dó cur síos a dhéanamh ar ainriocht na nGael faoi na Péindlíthe, chríochnaigh an file le tagairt don chumhacht mhíleata a bhí acu sa sean-am "nuair a ruaigeadar Caesar as Breatain".