Jump to content

Breac (iris)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Iris Breac)
Bosca Sonraí NuachtánBreac
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh2021 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Eatramh foilsithe1 bliain
FoilsitheoirAn Chuallacht Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata

Irisleabhar is ea Breac a bunaíodh sa bhliain 2021. Is leis an gCuallacht Ghaelach an iris.

Cuirtear eagrán amach go bliantúil, le linn Sheachtain na Gaeilge. Is í an Chuallacht a cheapann an t-eagarthóir. Is é Tuathal i gColáiste na Tríonóide an t-aon irisleabhar ollscoile eile a fhoilsítear go hiomlán i nGaeilge.

Ábhar na hIrise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn polaitíocht, cúrsaí reatha, cúrsaí taistil, spórt, filíocht, léirmheasanna liteartha, cúrsaí ceoil agus taighde faoi chaibidil san irisleabhar. Cuirtear an iris ar fáil saor in aisce. Sa bhliain 2023 a thosaigh an iris ag glacadh le fógraí tráchtála.

Méid na hIrise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 15 scríbhneoir foilsithe in eagrán 2022 agus 19 scríbhneoir foilsithe in eagrán 2023. Bhí 32 scríbhneoir foilsithe in eagrán 2024.