An Chuallacht Ghaelach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Chuallacht Ghaelach
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1912

Twitter: AnChuallachtUCC Instagram: anchuallachtucc Youtube: AnChuallacht TikTok: anchuallachtucc Cuir in eagar ar Wikidata

Is cumann mac léinn í an Chuallacht Ghaelach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá an cumann tiomanta do chur chun cinn na Gaelainne san ollscoil sin. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1912. Foilsíonn an Chuallacht irisleabhar bliantúil darb ainm Breac (bunaíodh 2021). Reáchtálann an cumann Pop-Up Gaeltachts, Ciorcail Chomhrá agus imeachtaí teangan eile. Tá an Chuallacht Ghaelach cláraithe mar chraobh de Chonradh na Gaeilge.

Tá ballraíocht saor in aisce. Faigheann baill an chumainn cártaí ballraíochta a dtugann lascainí dóibh i ngnólachtaí Gaelacha áirithe.

Chuirtí irisí eile i gcló go stairiúil, ina measc Síol agus Craic.

Coiste na Cuallachta Gaelaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar choiste na Cuallachta Gaelaí, tá

  • an Cathaoirleach
  • an Leas-Chathaoirleach
  • an Rúnaí
  • Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn
  • an tOifigeach Airgeadais
  • an tOifigeach Siamsaíochta
  • an tOifigeach Caidreamh Poiblí
  • an tOifigeach Forbartha agus Inrochtaineachta
  • an tOifigeach Oideachais
  • an tOifigeach Iarchéime
  • Oifigeach na Chéad Bhliana
  • Oifigeach na bhFochampas
  • Oifigeach na nEalaíon Traidisiúnta (cruthaíodh an ról seo i 2024, nuair a fuaireadh réidh le ról an Oifigigh Chumarsáide)
  • Gnáthbhaill