Iorócó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIorócó
Pterocarpus angolensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo demuninga (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN33190 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
TreibhDalbergieae
GéineasPterocarpus
SpeiceasPterocarpus angolensis Cuir in eagar ar Wikidata
DC.

Speiceas de Phterocarpus angolensis dúchasach do dheisceart na hAfraice, Angóla, Mhósaimbíc, Namaib, Afraic Theas, Suasalainn, Tansáin, Siombáib, Sáir, agus Saimbia is ea Iorócó (Afracáinis: Kiaat, Sútúis: Morôtô, Suáinis: Mokwa, Veindis: Mutondo, Seoinis: Mukwa: Súlúis:Umvangazi) [1]Pterocarpus angolensis. Is crann cosanta é san Afraic Theas[2]. Úsáidtear an t-ainm Kiaat, cé gur focal Afracáinis é, uaireanta lasmuigh den Afraic Theas chomh maith. Sa tSiombáib, ag brath ar an réigiún ina bhfuil tú, tugtar Mukwa nó Mubvamaropa uirthi.

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is crann duillsilteach é a fhásann go 16m ar airde, de ghnáth, le coirt dhonn dhorcha agus ceannbhrat leathanchorónach de chomhdhuille lonracha. I láthair fabhraithe ní ba fhliche fásann na crainn thart ar 18-19m ar airde. Bíonn na duilleoga le feiceáil ag am na mbláthanna nó go gairid ina dhiaidh sin. Tá siad athréaltach, glas dorcha, neamhdhuillíneach, le duillí ailtéarnacha, duillíní 2.5–7 cm ar fad agus 2–4.5 cm ar leithead. Táirgeann sí raidhse de bhláthanna cumhra, buí oráiste i panacail 10-20 cm ar fad; Tagann na bláthanna san earrach. I ndeisceart na hAfraice, is gnách é seo a bheith ag deireadh an tséasúir thirim, go minic faoi lár mhí Dheireadh Fómhair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. International Legume Database & Information Service: Pterocarpus angolensis
  2. "Wayback Machine". web.archive.org (2010-07-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-07-05. Dáta rochtana: 2020-02-05.