Jump to content

Ionscópacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
forléargas
máinliacht
Físeán : gastrascópacht (goile)

Is éard atá i gceist le hionscópacht[1] ná próiseas ina gcuirtear ionstraim isteach in oscailt nó ducht sa cholainn chun amharc díreach a fháil agus/nó bithóipse a dhéanamh.

Le hionscóp solúbtha snáithínghloine a dhéantar an próiseas, agus is féidir é a chur trí chainéil chaola is a chasadh thar chúinní go héasca. Le foinse chumasach solais is snáthoptaic, is éifeachtach an ionstraim seo, agus uaireanta cuimsíonn sí feistí breise cosúil le léas léasair chun obráidí go domhain sa cholainn a dhéanamh. I measc na samplaí tá broncascópacht (do na broncais), gastrascópacht (goile), cisteascópacht (lamhnán), agus ionscópacht ar an drólann, an t-aoineán, is an peireatóinéam.[2]

Is bealach iontach é chun ailse agus riochtaí eile sláinte a dhiagnóisiú.[3] Mar shampla, bíonn gá le hionscópachtaí práinneacha i gcás othar atá ag cailliúint meáchain nó a bhfuil fuil acu ina bhfaecas.[3]

I gcás othar atá ag cailliúint meáchain nó a bhfuil fuil acu ina bhfaecas, de réir theoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ba chóir ionscópachtaí ar an drólann a dhéanamh ar na hothair seo laistigh de 28 lá. Ach theip ar an FSS é sin a dhéanamh sna 2020idí agus ghí othair i mbaol dá bharr.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, endoscopy
  2. Hussey, Matt (2011). "Ionscópacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.
  3. 3.0 3.1 bowelscreen.ie. "Ionscópacht". Dáta rochtana: 2025.
  4. Nuacht RTÉ (2025-07-29). "Breis agus 28 lá caite ag 2,700 othar ag fanacht ar ionscópacht" (as ga-IE).