Ionsaí Clerkenwell (1867)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí Clerkenwell
Íomhá
 51°31′28″N 0°06′26″W / 51.524485°N 0.10716°W / 51.524485; -0.10716
Cineálpléascadh Cuir in eagar ar Wikidata
BailíochtNollaig 13, 1867 - 
SuíomhClerkenwell Cuir in eagar ar Wikidata, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna12 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe120 Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla Ionsaí Clerkenwell ar an 13 Nollaig 1867 i Londain, nuair a rinneadh iarracht neamhthorthúil Richard O’Sullivan Burke a tharrtháil taobh amuigh de Phríosún Clerkenwell.

"Fenian Guy Fawkes", Nollaig 1867, scigphictiúr san iris "Puinch" atmaisféar frith-Éireannach ann ag an am

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla Éirí Amach na bhFíníní i gcoinne riail na mBriotanach in Éirinn sa bhliain 1867. Theith cúpla réabhlóidí go Sasana agus crochadh na "Mairtírigh Manchain", William O’Meara Allen, Michael Larkin agus Michael O’Brien, ag crochadh poiblí ag geataí Phríosún Salford ar 23 Samhain 1867.[2][1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla eachtra eile cúpla seachtain níos déanaí. In iarracht neamhthorthúil a gcomhrádaí Richard O’Sullivan Burke a tharrtháil, phléasc na Fíníní balla ag Clerkenwell House of Detention i Londain.[3] Tharla an chéad iarracht ar 12 Nollaig 1867, ach níor phléasc an buama. Tháinig na Fíníní ar ais an lá dár gcionn; d'éirigh siad as agus phléasc buama ollhmór. Ach chuala na húdaráis go mbeadh ionsaí ann agus níor ligeadh na príosúnaigh amach sa chlós aclaíochta.

Faraor, maraíodh dáréag agus gortaíodh b'fhéidir caoga eile, daoine a bhí ar an láthair ach nach raibh aon bhaint acu leis an scéal.

Dúnmharfóir nó sceilpín gabhair?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciontaíodh Michael Barrett (ball den IRB nó Bráithreachas na Poblachta) as pléascadh Phríosún Clerkenwell.

Crochadh é taobh amuigh de Phríosún an Gheata Nua ar 26 Bealtaine 1868. Ba é sin an crochadh poiblí deireanach sa Bhreatain.

Tá leabhrán ag an Athair Joe McVeigh ina maíonn sé gur ciontaíodh in éagóir é, san atmaisféar frith-Éireannach a bhí ann ag an am.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Manchester Martyrs" (as en) (2020-12-01). Wikipedia. 
  2. "Pierrepoint - síceapatach faoi scáth an dlí | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2020-12-13.
  3. Aodhán Ó Raghailligh (1 Nollaig 2008). "Ar an Lá Seo" An tUltach 84 (12), 26-27. 
  4. Jude Collins (2016-08-30). "'Who is Michael Barrett ?' by Joe McVeigh" (en-US). Jude Collins. Dáta rochtana: 2020-12-13.