Innealtóireacht cheimiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar theoiric is cleachtadh maidir le dearadh, tógáil is oibriú trealaimh chun táirgí imoibrithe ceimiceacha a dhéanamh ar ollscála. I lár an 19ú céad, bhí an déantúsaíocht cheimiceach is luaithe bunaithe ar thraidisiún is scileanna, eolas is cleachtadh pearsanta. Ó shin cuireadh matamaitic is fisic i bhfeidhm ar fhadhbanna ceimiceacha. De réir a chéile d'fhás an t-éileamh ar tháirgí, agus ba ghá prionsabail cheimiceacha is fhisiciúla a chur ag obair ar mhéideanna móra ábhar, soláthar an teasa chuige seo, agus gluaiseacht na gceimiceán go cruinn sábháilte trí chórais mhóra. Saothraíodh fophróisis, aonadphróisis, agus córais rialaithe chuí. Saothraíodh cúrsaí oiliúna is traenála sna hollscoileanna, agus d'fhás cumainn ghairmiúla ionas go raibh an brainse seo innealtóireachta bunaithe go láidir i gcuid mhaith tíortha faoi 1900.

Is féidir staidéar a dhéanamh ar innealtoireacht cheimiceach in Éirinn ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Institiuid Techneolaiochta Corcai, agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht cheimiceach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 370.