Inneall insteallta dhírigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Inneall dócháin inmheánaigh a fheidhmíonn ar thimthriall Diesel. Instealltar an breosla sa chuasán dócháin a chruthaítear sa sorcóir idir barr na loine is bun cheann an tsorcóra. Sorcóir neamhroinnte dócháin amháin a bhíonn anseo, ní hionann is an córas le sorcóir roinnte dócháin, ina measctar an t-aer is an breosla i seomra amháin agus a ndéantar an dóchán i seomra beag eile atá ceangailte leis.