Inneall ceithre bhuille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Inneall a oibríonn ar thimthriall praiticiúil ina mbíonn buille amháin as gach 4 bhuille den loine mar bhuille cumhachta. Inneall mar seo a bhíonn i ngluaisteáin de ghnáth. Sa chéad bhuille, súitear an meascán breosla is aeir isteach sa chuasán. Sa dara buille, brúitear an meascán agus adhantar é. Is é an 3ú buille an buille cumhachta, mar a leathann an meascán pléasctha. Leis an 4ú buille, scaoiltear na sceithgháis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Inneall ceithre bhuille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.