Indíritheacht agus eisdíritheacht
Cuma
Téarmaí síceolaíocha a bhíodh in úsáid tráth mar dhá rang scoite daoine. Meastar anois go bhfuil cuid mhaith gráduithe idir an dá fhoirceann. Duine atá go láidir eisdíritheach, bíonn sé caidriúil aerach, tugtha don scleondar, agus uaireanta ionsaitheach neamh-mhuiníneach teasaí. Duine atá go láidir indíritheach, bíonn sé ciúin dúnárasach, gan an oiread sin cairde, ní maith leis an scleondar, agus bíonn sé muiníneach stuama, claonta don bheatha dhea-eagraithe. Táthar ann a mheasann go bhfuil bunús bitheolaíoch leis na difríochtaí iompair seo i gcórais spreagtha sa choirtéis is an fho-choirtéis.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Indíritheacht/eisdíritheacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 368.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |