Imdhíonadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarImdhíonadh
cuir in eagar
Cineálimmune system process (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD007114 Cuir in eagar ar Wikidata

Imdhíonacht i gcoinne miocrorgánach galraithe a thabhairt isteach go saorga sa cholainn is ea imdhíonadh. Imdhíonadh fulangach a bhíonn i gceist nuair is antashubstaintí a riartar ar an duine i gcoinne oibreáin ghalraigh a díorthaíodh ó fhuil duine eile a tháinig chuige féin ón ngalar.

Cosaint thapa, ach gearrthéarmach, a bhíonn anseo, de bhrí go ndíscaoiltear na hantashubstaintí sa cholainn taobh istigh de chúpla sheachtain. Imdhíonadh gníomhach nó vacsaíniú a bhíonn i gceist nuair is próitéiní (antaiginí) de chuid an oibreáin ghníomhaigh féin a dháiltear ar an duine atá le cosaint.

Parents of Earth, are your children fully immunized? (4647268251).jpg

Spreagann sé seo an cholainn chun frithghnímh i gcoinne an mhiocrorgánaigh. Foghlaimíonn sí conas na hantaiginí a aithint, meabhraíonn an t-eolas seo, agus bíonn ullmhaithe chun an cholainn a chosaint go tapa i gcoinne an oibreáin ghníomhaigh sin, fiú na blianta ina dhiaidh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vacsaín HPV

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]