Vacsaín HPV

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search


Tá an vacsaín seo in aghaidh papalómaivíreas daonna (HPV). Is í seo an dara cúis bháis is coitianta ó ailse i measc mná san aoisghrúpa 25 - 39 bliain d'aois.[1] Tá an vacsaín HPV á moladh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Chónaidhm Idirnáisiúnta Obstatraithe agus Ginéiceolaithe agus an sainchomhlacht imdhíonadh in Éirinn.[2]

Tairgfear vacsaín HPV do chailíní in aois a 12 go 13 bliana d'aois.[3] Ón bhliain 2010 tá an vacsaín ar fáil in Éirinn saor in aisce do ghach cailín sa chéad bhliain meánscoile. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go léiríonn figiúirí luatha gur 70% de chailíní a bhain leas as an vacsaín sa scoilbhliain 2015/2016, i gcomparáid le 87% i 2014.[4]

Tá a lán tuairiscí sna Meáin chumarsáide na hÉireann faoi shábháilteacht na vacsaíne Gardasil (HPV). Níor athraigh prófíl sábháilteachta na vacsaíne HPV ó cuireadh tús le clár vacsaínithe HPV de chuid FnaSS i 2010 agus tá ráitis ó na comhlachtaí idirnáisiúnta ar fad ag léiriú go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach.[5]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]