Igor Newerly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIgor Newerly

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(pl) Igor Abramow-Newerly
Beathaisnéis
Breith11 Márta 1903 (Iúlach)
Zwierzyniec, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Deireadh Fómhair 1987
84 bliana d'aois
Vársá, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaPowązki Military Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síTaras Shevchenko National University of Kyiv (en) Aistrigh (–1923)
Free Polish University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, léirmheastóir liteartha, eagarthóir, údar, iriseoir tuairime, scríbhneoir scripte, scríbhneoir próis, iriseoir, oideoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1932 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontaithe Oibrithe na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal, úrscéal gairid, alt agus script scáileáin
GluaiseachtRéalachas liteartha
Ainm cleiteЕжи Абрамов
Игорь Абрамов-Неверли Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Pholainnis agus an Rúisis
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0627846 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Polannach ab ea Igor Newerly (fíorainm: Igor Abramow, ainmneacha cleite eile: Igor Abramow-Newerly, Jerzy Abramow). Rugadh i Zwierzyniec i gceantar Hajnówka é ar an 24 Márta 1904 agus fuair sé bás i Vársá ar an 19 Deireadh Fómhair 1987.

Ba iad tuismitheoirí Igor Nikolay Abramov (nó Mikołaj Abramow, de réir litriú na Polainnise), oifigeach Rúiseach, agus Wiera Teresa Newerly, de bhunadh na Seice. Nuair a bhí Igor ina bhrín óg, bhain timpiste dó a d'fhág ar leathchos é go lá a bháis. D'fhreastail Igor óg ar mheánscoil i Simbirsk, an Rúis, agus rinne sé staidéar ar an dlí in Ollscoil Cíév san Úcráin agus ar an oideolaíocht in ollscoil phríobháideach, Wolna Wszechnica Polska, i Vársá.

Blianta a Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 1918-1921 bhí Igor óg ina bhall d'eagraíocht Chumannach na n-óg, ach thréig sé í agus rinne seisean agus cúpla cara leis iarracht a n-ógeagraíocht neamhspleách Dhaonlathach Shóisialta féin a bhunú, rud nár thaithin leis na húdaráis. Díbríodh go hOdessa é, ach in Odessa féin thosaigh sé ag priontáil agus ag craobhscaoileadh bileoga bolscaireachta. Príosúnaíodh é agus d'fhéach na húdaráis le hé a sheoladh go dtí an campa géibhinn in Oileáin Solovki i dtuaisceart na Rúise, ach d'éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí an Pholainn, áit ar chuir sé aithne ar ghluaiseacht na n-oideachasóirí forásacha agus ar a gceannaire, Janusz Korczak, agus é ag foghlaim oideachais i Vársá. Bhí sé ag scríobh do Mały Przegląd, iris na n-oideachasóirí forásacha, agus sa deireadh rinneadh príomheagarthóir de.

I Rith an Dara Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mblianta an Dara Cogadh Domhanda chuaigh Newerly le lámhcheardaíocht mar shlí bheatha - bhain sé amach dintiúirí an ghloineadóra. Bhí sé suite sna hoibreacha tógála, agus é ag cuidiú leis na tithe a atógáil i Vársá a bhí ina smidiríní de dheasca an chogaidh agus na mbombarduithe. San am chéanna bhí sé ag glacadh páirte i ngníomhaíocht na gluaiseachta rúnda frith-Ghearmánaí. I mí Mheán Fómhair sa bhliain 1943 ghabh na Naitsithe é. Chaith sé seal i bpríosún Pawiak i Vársá, i Majdanek, Auschwitz agus Sachsenhausen; bhí sé á choinneáil i mBergen-Belsen nuair a tháinig na Sasanaigh chun an champa sin. Faoi dheireadh na bliana 1945 d'fhill sé go dtí an Pholainn trí chathair Szczecin.

I nDiaidh an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chrom sé ar an obair scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus oideachasóireachta arís. Thairis sin, nuair a shealbhaigh an Pholainn na meaisíní tionsclaíochta agus an t-infreastruchtúr a d'fhág na Gearmánaigh ina ndiaidh sna críocha in Oirthear na Gearmáine a bhí ag dul don Pholainn de thoradh an chogaidh, chaith Newerly seal ag measúnú na meaisíní clóbhualadóireachta a bhí ar fáil ansin. D'éirigh leis fosta teacht chun tarrthála do na mná agus na páistí Gearmánacha a raibh foréigean ag bagairt orthu i lámha na dtiarnaí nua.

Chuaigh Newerly i bPáirtí Sóisialach na Polainne (PPS) sa bhliain 1947. Nuair a chuaigh an páirtí seo agus Páirtí Lucht Oibre na Polainne (PPR) le chéile sa bhliain a bhí chugainn le Páirtí Aontaithe Lucht Oibre na Polainne (PZPR) a dhéanamh, d'fhan Newerly ina bhall den pháirtí nua go dtí an bhliain 1966. Idir an dá linn bhí sé sách dílis don chumhacht Chumannach: mar shampla sa bhliain 1964 shínigh sé scríbhinn agóide na scríbhneoirí Polannacha inar chuir siad in aghaidh Raidió na hEorpa Saoire (Radio Free Europe), stáisiún raidió Meiriceánach a bhí ag craoladh i München, An Ghearmáin, i dteangacha Oirthear na hEorpa. San am chéanna bhí Newerly ag éileamh feabhsuithe ar ioncam agus imthoscaí saoil na scríbhneoirí sa Pholainn agus ag lochtú na cinsireachta a bhí ag cur srianta róchúnga le saoirse na litríochta. Ní bhfuair sé freagra ar bith ar a chuid éileamh ó lucht na cumhachta, agus sa deireadh d'éirigh sé as an bPáirtí. Rinne sé iarrachtaí scríbhneoirí easaontacha agus easaontóirí polaitiúla eile a chosaint ar na seirbhísí rúnda. Mar shampla thug sé obair rúnaí do Jacek Kuroń - ar ndóigh ní raibh Kuroń ach ag tarraingt tuarastail, ní raibh de dhualgas air a dhath a dhéanamh ar a shon.

A Chuid Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chuid is mó de na leabhair a tháinig ó pheann Newerly tá blas na dírbheathaisnéise orthu. Sa bhliain 1960 d'fhoilsigh sé an t-úrscéal Leśne Morze - "Farraige na gCoillte" - a chaitheann súil ar shaol Polannaigh óig sa Mhanchúir i rith an Dara Cogadh Domhanda. Caithfidh an laoch fánaíocht a dhéanamh le teacht slán ó na Seapánaigh a bhfuil an ceantar forghafa acu, agus iad á rialú le lámh láidir. Téamaí tábhachtacha iad an fhánaíocht agus an saol faoi cheilt i leabhair eile Newerly chomh maith - ar nós Wzgórze Błękitnego Snu ("Cnoc na Brionglóidí Goirme"), úrscéal faoi shaol réabhlóidí a díbríodh ón bPolainn go dtí an tSibéir.