Idircheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Píosa ceol uirlise, don phianó go háirithe, i stíl liriceach gan foirm ceaptha. Bhain Brahms is cumadóirí eile sa 19ú-20ú céad feidhm as an téarma. Roimhe sin ba théarma é ar idirlinn ghearr ghreannmhar a dhéantaí ar an stáitse idir gníomhartha ceoldráma fhiúntaigh. Sampla cáiliúil is ea La Serva Padrona le Pergolesi (An Cailín Aimsire Údarásach, 1733).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Idircheol". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 362.