Idir Shúgradh agus Dáiríre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharIdir Shúgradh agus Dáiríre
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Oifig an tSoláthair sa bhliain 1939 é Idir Shúgradh agus Dáiríre. Ba é an chéad chnuasach gearrscéalta ó Mháirtín Ó Cadhain é a foilsíodh agus is ag tosú amach mar scríbhneoir a bhí sé agus gan a bhuaic bainte amach fós aige.

Is é a bhí le rá ag an Dr Máire Ní Annracháin faoin leabhar ná:

Luathscéalta de chuid Mháirtín Uí Cadhain atá sa leabhar seo. Léitheoireacht riachtanach iad don té a bheadh ag iarraidh saothar an Chadhnaigh ina iomláine a mheas, agus don té a bheadh ag iarraidh stair an fhicsin Ghaeilge a thuiscint de réir mar a forbraíodh é as seánraí agus as saol an bhéaloidis i gcaitheamh an fichiú haois. Tá sainrian an Chadhnaigh ar na scéalta: saibhreas Gaeilge a chuirfeas léitheoirí faoi dhraíocht, an tsúil ghéar ar mhioscais an duine, an tuiscint ar an saol a aithníonn an tragóid agus an áiféis. Bíonn an saol searbh go leor sna scéalta seo, ach fós is féidir gáire a dhéanamh. Ní gáire gan trua é, áfach: tugann na scéalta cuireadh fial don léitheoir, arís is arís eile, a chroí a oscailt don té atá ar an imeall.

Caoimhín Ó Marcaigh a dhear an clúdach.

Scéalta an chnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh cuid de scéalta an chnuasaigh go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity (Leagan de An Bóthar go dtí an Ghealchathair) le hEoghan Ó Tuairisc. D'fhoilsigh Poolbeg Press as Baile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.

Leabhair bunaithe ar an saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thiomsaigh Séamas Ó Murchú an leabhar Liosta focal as Idir Shúgradh agus Dáiríre ina bhfuil leaganacha canúnacha agus focail nach bhfuil eolas maith orthu orthu. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1982 agus is é Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath a d'fhoilsigh.