Iarmhairt Mößbauer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionsú gan aisléim gáma-ghathanna ag ábhar is a n-astú ina dhiaidh sin is ea iarmhairt Mössbauer. An fisicí Gearmánach Rudolf Mößbauer (1929-) a d'fhionn an iarmhairt i 1958. De ghnáth nuair a ionsúnn adamh fótón gáma-ghathach, athastaíonn an fótón is aisléimeann an t-adamh, agus ar an mbealach seo bíonn tonnfhad an fhótóin astaithe níos faide ná tonnfhad an fhótóin ionsaithigh. Bhraith Mößbauer gur féidir le núicléis adamhacha, ag teocht íseal, fótóin gháma-ghathacha a ionsú is a athastú gan aisléim ina n-aonar. Is amhlaidh a tharchuirtear an aisléim go dtí toirt an ábhair, agus ní bhíonn iarmhairt ar fiú trácht uirthi ar an radaíocht astaithe. Tá speictriméadracht ar leith bunaithe ar an iarmhairt seo a úsáidtear chun deargaistriú na domhantarraingthe a bhrath.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Mößbauer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 471.