Ian Smith
Ian Smith | |
![]() | |
8ú Príomhaire na Róidéise
| |
In oifig 13 Aibreán 1964 – 1 Meitheamh 1979 | |
Réamhtheachtaí: | Winston Field |
Comharba: | Abel Muzorewa |
Dáta breithe | 8 Aibreán 1919 |
Áit bhreithe | Selukwe, an Róidéis Theas |
Dáta báis | 20 Samhain 2007 |
Cape Town, an Afraic Theas | |
Páirtí | Rhodesian Front |
Céile | Janet (née Watt) |
8ú Príomhaire na Róidéise ab ea Ian Douglas Smith (a rugadh ar an 8 Aibreán 1919 in Selukwe, an Róidéis Theas agus a fuair bás ar an 20 Samhain 2007 i gCape Town, an Afraic Theas).
D'oibrigh Smith sa rialtas i gcoilíneacht na Róidéise Theas, i gCónascadh na Róidéise agus na Niasalainne, i bPoblacht na Róidéise, sa tSiombáib-Róidéis agus sa tSiombáib sna blianta 1948–1987, go háirithe mar phríomh-aire ar an Róidéis ó 13 Aibreán 1964 go dtí 1 Meitheamh 1979. Rugadh agus tógadh é in Selukwe, baile beag faoin tuath faoi choilíneacht na mBriotanach sa Róidéis Theas. Chuir Smith seirbhís isteach sa Dara Cogadh Domhanda in Aer-Fhórsa Ríoga na Breataine. I ndiaidh dó céim a bhaint amach in Ollscoil Rhodes san Afraic Theas, cheannaigh sé feirm ina bhaile dhúchais sa bhliain 1948. Ansin toghadh é mar ionadaí do Selukwe i dTionól Reachtais na Róidéise. Ball de Pháirtí Liobrálach na Róidéise Theas a bhí ann; eisean an ball ab óige i bparlaimint na Róidéise nuair a toghadh é den chéad uair.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |