Ian Nepomniachtchi
| Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Ян Алекса́ндрович Непо́мнящий |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 14 Iúil 1990 35 bliana d'aois Bryansk, An Rúis |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Russian State Social University (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Ficheall |
| Gairm | imreoir fichille, cluichire síceolaíoch |
| Teangacha | An Rúisis |
| Tír spóirt | an Rúis |
| Spórt | ficheall |
| Teideal duine fichille | Máistir Idirnáisiúnta (2004) Ardmháistir (2007) |
| Rátáil Elo (uas.) | 2,795 (Márta 2023) |
| Aitheantas imreoir FIDE | 4168119 |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| 4 Deireadh Fómhair 2021 | What? Where? When? (en) |
| 2018 | 43ú hOilimpiad na Fichille |
| 2016 | 42ú hOilimpiad na Fichille |
| 2014 | 41ú hOilimpiad na Fichille |
| 2010 | 39ú hOilimpiad na Fichille |
Is ardmhmháistir fichille Rúiseach é Ian Alexandrovich Nepomniachtchi (Rúisís: Ян Алекса́ндрович Непо́мнящий, nó Yan Aleksandrovich Nepomnyashchiy; a rugadh 14 Iúil 1990).
Bhuaigh Nepomniachtchi Craobh Fichille na Rúise sa bhliain 2010 agus 2020, agus Craobh Aonair Fichille na hEorpa i 2010. Bhuaigh sé freisin An Cuimhneachán Tal 2016 agus babhtaí Oscailte Aeroflot sa bhliain 2008 agus 2015. Bhuaigh sé Craobh Fichille Foirne an Domhain mar bhall d'fhoireann na Rúise in Antalya [1] (2013) agus Astana (2019). Bhuaigh Nepomniachtchi Craobh Fichille Foirne na hEorpa 2015 i Réicivíc le foireann na Rúise. I mí Dheireadh Fómhair 2016, bhí Nepomniachtchi sa cheathrú háit ar domhan i bhficheall tapa agus fichille blitz. Bhuaigh sé dhá bhonn airgid i gCraobhchomórtas Ficheall Mear an Domhain agus bonn airgid ag Blitzchomórtas an Domhain, chomh maith leis an Ordix Oscailte 2008 a bhuachan.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “World Team 09 Russia takes gold; China silver”. ChessBase (6 December 2013). Dáta rochtana: 7 December 2013.