Hymenoptera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoHymenoptera Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
ForordEndopterygota
OrdHymenoptera Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Ord ilghnéitheach feithidí is ea na Hymnoptera. Tá timpeall 150,000 speiceas ann chomh maith le roinnt mhaith nach bhfuil cur síos orthu go fóill, ina measc na sábhchuileanna, na hadharcearraigh, na foichí, na beacha, agus na seangáin. Dhá phéire sciathán scannánach a bhíonn ag na feithidí fásta de ghnáth. Na codanna den bhéal oiriúnaithe i gcomhair coganta nó sú neachtair. Tá eagrú sóisialta ag cuid mhaith gnéithe. An feadán lena mbeireann siad uibheacha athraithe i gcomhair cealgtha uaireanta.

Tháinig na chéad Hymenoptera ar an saol sa tréimhse Triasach. Sábhchuileanna ab iad agus ina mbaill den fhine ar a dtugtar na Xyelidae. Tháinig na chéad Hymenoptera sóisialta sa tréimhse Cailceach.[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hymenoptera". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 356.