Hunaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sraith de fheisteas capaill na Hunach ón 4ú haois; seamfran, feistí adhastair, crap,  Músaem Ealaíne Walters

Ba dhaoine fánaíochta iad na Hunaigh a bhí ina gcónaí in Oirthear na hEorpa, an Chugais agus Lár na hÁise idir an 4ú haois AD agus an 7ú haois AD. De réir thraidisiún na hEorpa, tuairiscíodh, ar dtús, go raibh siad ina gcónaí taobh thoir d' Abhainn na Volga, i gceantar a bhí mar chuid de Scitia ag an am; tá teacht na Hunach bainteach le himirce siar an chine Scitiach, na nAlanach.[1] Faoi 370 AD, bhí  an Volga bainte amach ag na Hunaigh, agus faoi 430 AD bhí tiarnas ollmhór san Eoraip bunaithe acu, cé nach raibh sé fada buan.

Sa 18ú haois, ba e an scoláire Francach Joseph de Guignes a chéad mhol go raibh nasc idir na Hunaigh agus cine na Xīongnúan, a bhí in aice láimhe leo i dtuaisceart na Síne san 3ú haois RC.[2] Ó shin i leith, rinneadh iarracht mhór scolártha dírithe ar imscrúdú a dhéanamh ar a leithéid de nasc. Mar sin féin, níl aon comhdhearcadh léannta ar nasc díreach idir ghné cheannasach na Xīongnúan agus na Hunaigh.Luaigh Priscus, taidhleoir Rómhánach agus staraí Gréagach , san 5ú haois go raibh teanga dá gcuid féin ag na Hunaigh; ach is beag di a tháinig slán agus síltear go bhfui caidrimh aici den chuid is mó leis na teangacha Tuirciceach nó Mongólach. Bhí go leor grúpaí eitneacha eile san áireamh faoi riail Attila, lena n-áirítear an-chuid cainteoirí na Gotaise, agus tugann roinnt scoláirí nua-aimseartha cur síos uirthí mar lingua franca na hImpireachta.[./Huns#cite_note-FOOTNOTEHeather2010228-3 [3]]Teimpléad:Sfn Ba í  an bhoghdóireach an theicníc mhíleata  is mó a bhain leo.


Marcach Heftaliteach ar bhabhla Mhúsaem na Breataine, 460-479 CE.[3] De réir Phrocopius de Caesarea, Shíolraigh siad ón stoc céanna mar Hunaigh na hEorpa "in fact as well as in name", ach neamhaistreach agus gealchraicneach.
Coirí na Hunach

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh Attila[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach siar na Hunach (molta) 
Spreag léirscrios na ríochtaí Gotacha, ag na Hunaigh sa tréimhse 372-375 AD, ionraí na  mBarbarach sa 5ú haois. Ghabh agus chreach na Viseagotaigh cathair na Róimhe sa bhliain 410 agus mar a chéile na Vandail sa bhliain 455 AD.

Impireacht Aontaithe faoi Attila[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "{{{title}}}" (1990): 177–203. Cambridge [u.a.]: Cambridge Univ. Press. 
  2. de Guignes, Joseph (1756–1758). "Histoire générale des Huns, des Turcs, des Mongols et des autres Tartares" (in fr). 
  3. British Museum notice

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Attila und die Hunnen. Begleitbuch zur Ausstellung. Hrsg. vom Historischen Músaem der Pfalz, Speyer. (Stuttgart 2007).
  • Christopher Kelly, Attila An Hun: Barbarian Terror agus an Titim de an Impireacht Rómhánach (Londain 2008)
  • Rudi Paul Lindner, Nomadism, Capaill agus Huns, i: am atá Caite agus i Láthair 92, 1981, lch. 3-19.
  • E. A. Thompson, Stair Attila agus an Huns (1948).
  • Franz Altheim, Attila und die Hunnen (1951).
  • J. Werner, Beiträge zur Archäologie des Attila-Reiches (1956).
  • John Fear, Attila An Hun, barbarian Rí agus an titim na Róimhe (2005).
  • W. M. McGovern, go Luath Impireachtaí de Lár na Háise (1939)
  • Frederick John Teggart, an Tsín agus an Róimh (1969, repr. 1983);

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]