Hugues Capet
Hugues Capet | |
---|---|
Hugues Capet, Rí na Fraince | |
Réimeas | 3 Iúil, 987 – 24 Deireadh Fómhair 996 |
Dáta breithe | t. 940 |
Dáta báis | 24 Deireadh Fómhair 996 |
Áit bháis | Páras, An Fhrainc |
Réamhtheachtaí | Louis V |
Comharba | Robert II |
Rítheaghlach | Capet |
Céile | Adélaïde d'Aquitaine |
Ba rí na bhFranc ó 987 go 996 agus bunaitheoir an rítheaghlaigh Capet é Hugues Capet (~ 940 - 24 Deireadh Fómhair 996), rítheaghlach a mhair go dtí Lauis XVI sa 18ú haois.
An Fhrainc sa 10ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní raibh sliocht Shéarlais Mhóir (Charlemagne), impire na bhFranc san 8ú haois, in ann teorainneacha ríocht na bhFranc a chosaint, go háirithe san iarthar. Thóg na tiarnaí móra caisleáin láidre ina ndúichí féin. Uaireanta ba iad na heaspaig a bhí i gceannas chun an eaglais is an creideamh Críostaí a chosaint.
Ag deireadh na dála, ní raibh duine ó sliocht Shéarlais Mhóir, nó na Carolingiens as Fraincis, fágtha tar éis bás Laoiseach V i mí na Bealtaine sa bhliain 987 agus bhuail na tiarnaí le chéile i Noyon chun rí nua a thoghadh. Ba é Hugues, ab cróga a thóg páirt i gcathanna agus diúc na bhFranc ón mbliain 960, an fear ba threise acu. Bhí clóca naoimh Tours, Máirtín, ag Hugues ina mhainistreach agus tháinig a ainm Capet ón fhocal Laidine cappa, an duine a raibh an clóca aige. Beannaíodh mar rí in ardeaglais Reims é ar an 3 Iúil sa bhliain 987. Ba é sin tús ríocht na Fraince, nó ríocht Francach an Ghaill.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |