Howard Marks
Howard Marks | |
---|---|
| |
Saol | |
Ainm iomlán | Dennis Howard Marks |
Eolas breithe | Mynydd Cynffig, 13 Lúnasa 1945 |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Áit chónaithe |
Palma de Mallorca Leeds |
Bás | Leeds, 10 Aibreán 2016 |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ailse cholaireictach) |
Muintir | |
Páistí |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater |
Coláiste Balliol céim máistreachta : fealsúnacht, fisic Ollscoil Londan University of Sussex (en) ![]() |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | aisteoir, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir, údar, gainneálaí drugaí agus ealaíontóir |
IMDb | nm0548848 |
howardmarks.name | |
Discogs ID | 123484 |
Smuigléir drugaí agus údar de chuid na Breataine Bige ab ea Dennis Howard Marks (13 Lúnasa 1945 – 10 Aibreáin 2016). As Pen-y-bont ar Ogwr dó, creidtear go raibh suas le tríocha tonna de channabas á thabhairt i dtír aige in aon lastas amháin agus é i mbarr a mhaitheasa. Bhí sé ag obair taobh le baill den IRA, Mhaifia, CIA agus MI6 na Breataine.
Fuair an DEA an ceann is fearr air sa deireadh thiar thall agus gearradh pianbhreith de chúig bliana is fiche air. Scaoileadh saor é i mí Aibreáin na bliana 1995. Chaith sé an chuid eile dá shaol i mbun feachtasaíochta chun cannabas a dhlisteanú agus ag insint a scéalta ar an stáitse.
Rinne Marks cur síos ar a eachtraí ina dhírbheathaisnéis mór le rá Mr. Nice (1996). Rinneadh scannán den leabhar sa bhliain 2010 le Rhys Ifans.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |