Hormón scaoilte
Appearance
Ceann de ghrúpa hormón a tháirgtear i gcodanna éagsúla den hipeatalamas, a stórálann is a fhuasclaíonn néaróin de mheánchnapán an hipeatalamais mar fhreagairt ar spreagthaí ón inchinn. Iompraítear iad ansin go dtí maothán tosaigh na faireoige piotútaí, mar a spreagann nó a gcoisceann siad hormóin phiotútacha ar leith (mar shampla, hormón scaoilte hormón fáis). Thugtaí fachtóir scaoilte air seo, ach anois coimeádtar an téarma deireanach seo do hormóin hipeatalamacha nach bhfuil a struchtúir cheimiceacha ar eolas fós (mar shampla, fachtóir scaoilte prólachtaine).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hormón scaoilte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |