Hormón paraitíoróideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polaipeiptíd hormóin a dhéanann is a thálann na príomhchealla sa bhfaireog pharaitíoróideach. Fuasclaítear é nuair a thiteann tiúchan an chailciam sa bhfuil. Feidhmíonn sé ar mhalairt slí le cailciteoinin. Méadaíonn sé tiúchan an chailciam sa bhfuil, trí chailciam a bhaint as cnámha is ón bhfidín duánach agus isteach sa bhfuil. Spreagann sé athrú vitimín D ina fhoirm ghníomhach, rud a spreagann tuilleadh ionsú cailciam sa stéig.