Hormón frithfhualach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Peiptíd a dhéantar sa hipeatalamas ach a stóráiltear sa mhaothán deiridh den fhaireog phiotútach i mamaigh, agus a fhuasclaítear as sin. Tugtar vasaipreisin air freisin. Hormón an-bhunúsach, freagrach as caomhnú shreabhán na colainne agus iarmhairtí aige ar chuimhne, an rithim laethúil, agus rialú bhrú na fola san inchinn.