Hoiméabosca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa ghéinitic, seicheamh de timpeall 180 núicléitíd a chódaíonn do réigiún de 60 aimíonaigéad i bpróitéiní a mbíonn baint acu le rialú an tras-scríofa. Fuarthas ar dtús é i nDrosophila, an chuil torthaí, ach faoi seo tá a leithéid aimsithe i ngéinte na ngnéithe eocarótacha uile (ina bhfuil an núicléas taobh istigh dá scannán féin taobh istigh den chill). De réir dealraimh, soláthraíonn siad eolas ar shuíomh atá riachtanach i gcomhair forbairt ordúil an tsutha. Tá fianaise ann i gcásanna áirithe go bhfuil ionad an hoiméabhosca ar feadh an chrómasóim gaolmhar go líneach lena chur i bhfeidhm sa phróiseas forbartha, is é sin, go mbíonn na géinte leagtha amach san ord ina gcuirtear i bhfeidhm iad i spás agus am san orgánach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hoiméabosca". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.