Hoclais na Téaváine
Hoclais na Téaváine, Téaváinis (臺灣Hô-ló話 (Tâi-uân Hô-ló-uē) , 臺語 (Tâi-gí/gú/gír), 臺灣閩南語 (Tâi-uân Bân-lâm-gú/gí/gír)) | |
---|---|
Á labhairt | an Téaváin (PS) |
Réigiún | Oirthear na hÁise |
Cainteoirí san Iomlán | > 16 millliún |
Líne ghinealaigh | Sínea-Tibéidis Sínis Minis Min Nainis Hoclais Hoclais na Téaváine |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil | Poblacht na Síne
Sa PS: An Aireacht Oideachais |
Foras Pleanála Teanga | |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | |
ISO 639-2 | |
ISO 639-3 | [1] |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is teanga Shíneach í Hoclais na Téaváine (臺灣 Hô-ló 話, POJ: Tâi-oân Hô-ló-oē) nó Téaváinis (臺灣話, Tâi-oân-oē; 臺語, Tâi-gú(gí)). Is canúint Hoclaise (Hoklo) na Sínise í, le meascadh carachtair Sínise thraidisiúnta agus Pe̍h-oē-jī , Min Nan na Téaváine (臺灣閩南語, Tâi-oân Bân-lâm-gú(gí)). Is an dara teanga is mó sa Téaváin í an Téaváinis. Is cosúil le Hoclais i Deisceart Fujian (閩南, Min Nan) í. Is craobh iomlán teangacha í an Téaváinis i gcrann ginealais na dteangacha Sínea-Thibéadacha[1].
Fóineolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig a córas fuaimnithe ó Hoclais Quanzhou agus Hoclais Zhangzhou. Is cosúla lena leithéid i Quanzhou canúintí éigin de Hocials na Téaváine, ach is cosúla le Hoclais Zhangzhou canúintí éigin. Braitheann méid na consain agus gutaí ar chanúint na Téaváinis. Taispeánann na hábhair thíos an chanúint i gKaohsiung.
Consain Tósaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Consan déliopach | Consan ailbheolach | Consan coguasach | Consan glotasach | |||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Neamhghlórach | Ghlórach | Neamhghlórach | Ghlórach | Neamhghlórach | Ghlórach | Neamhghlórach | ||
Consan srónach | [m] | [n] | [ŋ] | |||||
Stop | Consan neamhanálaithe | [p] | [b] | [t] | [k] | [ɡ] | ||
Consan análaithe | [pʰ] | [tʰ] | [kʰ] | |||||
Aifricéad | Consan neamhanálaithe | [ts ~ tɕ][2] | [dz ~ dʑ][2] | |||||
Consan análaithe | [tsʰ ~ tɕʰ][2] | |||||||
Consan cuimilteach | [s ~ ɕ][2] | [h] | ||||||
Consan taobhach | [l] |
Gutaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Aonfhoghair:
- neamhshrónaigh: [a], [e], [i], [ɔ], [u], [ə]
- srónaigh: [ã], [ẽ], [ĩ], [ɔ̃]
- Ilfhoghair:
- Défhoghair:
- neamhshrónaigh:[ai], [au], [ia], [io], [iu], [ua], [ue], [ui]
- srónaigh: [ãĩ] [ĩã] [ĩũ] [ũã]
- Trífhoghair (atá in ann bheith scrónaithe): [iau], [uai]
- Défhoghair:
- Consain srónaigh siollaigh
- [m̩], [ŋ̩]
Códaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá 7 gcóda inti: [m], [n], [ŋ], [p̚], [t̚], [k̚], [ʔ̚].
Tuineacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
I gCanúint Kaohsiung, tá 7 mbuntuin, agus an dá cheann eile: an naoú tuin agus tuin neodrach.
Príomhchórais scríbhinne[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Carachtair Han
- Rómhánú: Pe̍h-ōe-jī, Tâi-lô (Córas Rómhánú Min Nan na Téaváine), TLPA, srl.
- measadh Carachtair Han agus Romhánú
- Siombaile Fhoghraíocht Téavánach (臺灣方音符號)
Sochtheangeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Úsáideann na Téavánaigh leagan den Mhandairínis mar theanga chaighdeánach, cosúil le muintir na mórthíre, ach ní bhíonn an Mhandairínis ó dhúchas acu. Is í an tSínis an teanga is mó a labhraítear sa Téaváin inniu, ach ar ndóigh, ní aon teanga amháin í. An chuid is mó acu, labhraíonn siad an teanga ar a dtugtar "Téaváinis" (a dtugtar Hoclais na Téaváine uirthi chomh maith) go minic. Leagan den chanúint Min Nan atá ann go bunúsach - canúint a labhraítear i ndeisceart Chúige Fujian sa mhórthír freisin.
Is minic a dhearctar ar chainteoirí na canúna seo mar ghrúpa eitneach ar leith, dream ar a dtugtar Hoklo. Thairis sin, tá an chanúint Hakka ag mionlach mór de na Téavánaigh, canúint a bhíonn á labhairt i bpobail bheaga scartha ar fud dheisceart na Síne.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Labhartar teangacha Síneacha sa Téaváin, chomh maith le teangacha na mbundúchasach. Ar an drochuair[3], tá teangacha na mbundúchasach i dtrioblóid (agus tá an teanga Shíneach Hakka á himeallú le blianta fada anuas chomh maith).
Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is trí mheán na Mandairínise a fheidhmíonn córas oideachais na Téaváine, go príomha. Ní bhíonn ach cúpla uair an chloig de ranganna sna máthairtheangacha (Hakka nó Téaváinis) acu .
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Mandairínis na Téaváine an teanga is mó sa Téaváin agus an teanga oifigiúil sa Téaváin ó 1949. Chuir an deachtóir Chiang Kai-shek cosc iomlán ar mháthairtheangacha. Ach cuireadh deireadh leis an gcosc seo sa bhliain 1987.
Bunaíodh Cainéal Téaváinise den Seirbhís Teilifíse Phoiblí (公視台語台, Kong-sī Tâi-gí-tâi) in Iúil, 2019.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ AnTuairisceoir.com
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Rinneadh [tɕ], [tɕʰ], [ɕ] agus [dʑ] de [ts], [tsʰ], [s] agus [dz] roimh [i].
- ↑ "Stáisiún teilifíse ón Téaváin sa Ghaeltacht"