Histéiréis leaisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is histéiréis leaisteach ann ná airí ábhar ar leith, cosúil le rubar, nuair is mó an straidhn de bharr struis ar leith nuair a bhíonn an strus á mhéadú ná nuair a bhíonn sé á laghdú. I ngraf an struis i gcoinne na straidhne, nuair a mhéadaítear an strus de réir a chéile is a laghdaítear é de réir a chéile ansin, faightear lúb, agus bíonn fairsinge na lúibe i gcomhréir leis an bhfuinneamh a ídítear san ábhar sa phróiseas inchúlaithe sin. Más mór fairsinge na lúibe, dhéanfadh an t-ábhar sin maolaire maith turrainge.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Histiréis leaisteach (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 350.