Bósón Higgs
Is éard atá i mbósón Higgs ná bósón (caithnín) a mhol Peter Higgs agus dornán eolaithe eile mar mhíniúchán ar an mais atá ag caithníní áirithe. De réir an bhundéanta, is bósón mórmhaise scálach é bósón Higgs nach bhfuil guairne ar bith, lucht leictreach ar bith ná lucht datha ar bith aige. Tá bósón Higgs thar a bheith éagobhsaí chomh maith, nó is dual dó titim as a chéile ar an toirt.
Fuair an bósón a ainm ó Pheter Higgs. Sa bhliain 1964 d'fhoilsigh Higgs agus cúigear eolaithe eile saothar taighde faoi mheicníocht Higgs, agus is éard a bhí i gceist leis an meicníocht seo ná an chúis leis go bhfuil mais ag caithníní áirithe. Gné den mheicníocht seo é bósón Higgs. (Bíonn cúiseanna éagsúla leis go bhfuil mais ag caithníní, ach bhíodh sé thar a bheith deacair míniú cuimsitheach a thabhairt ar an mais mar airí de chuid na gcaithníní.) Go bunúsach bhí caithnín gan ghuairne, bósón a chomhlíonfadh éilimh na teoirice, ag teastáil le go mbeadh an mheicníocht inchreidte mar theoiric, agus baisteadh "bósón Higgs" ar an gcaithnín teoiriciúil seo. Sa bhliain 2012 aithníodh caithnín fo-adamhach a chomhlíon na héilimh seo le linn na dturgnamh úd ATLAS agus CMS leis an Imbhuailteoir Mór Hadróin i saotharlann CERN in aice leis an nGinéiv san Eilvéis. Deimhníodh ina dhiaidh sin gur tháinig airíonna an chaithnín seo agus saintréithe teoiriciúla bhósón Higgs le chéile.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Higgs, Peter (1964). "Broken Symmetries and the Masses of Gauge Bosons". Physical Review Letters 13 (16): 508–509. doi: .
- ↑ Englert, François (1964). "Broken Symmetry and the Mass of Gauge Vector Mesons". Physical Review Letters 13 (9): 321–23. doi: .
- ↑ Guralnik, Gerald (1964). "Global Conservation Laws and Massless Particles". Physical Review Letters 13 (20): 585–587. doi: .
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |