Bósón Higgs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bosca Sonraí CáithnínBósón Higgs
CMS Higgs-event.jpg
Rangú scalar boson (en) Aistrigh, real neutral particle (en) Aistrigh, non-matter particles (en) Aistrigh, candam, bósón tomhais agus cáithníní bunúsacha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhdhéanamh luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaí idirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnín bósón Higgs Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtain 2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Leathré 0.000156 agus 0 Cuir in eagar ar Wikidata
Meatha go W or Z boson (en) Aistrigh, leictreon agus fótón Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach 0 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne 0 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht 1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadracht higgsino (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainm Peter Higgs Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo 35 Cuir in eagar ar Wikidata

Cáithnín fonúicléach, a ainmníodh as an bhfisicí Albanach Peter Higgs, is ea an bósón Higgs[1]. Mhol Higgs agus dornán eolaithe eile mar mhíniúchán ar an mais atá ag caithníní áirithe.

Peter Higgs sa bhliain 2013

De réir an bhundéanta, is bósón mórmhaise scálach é bósón Higgs nach bhfuil guairne ar bith, lucht leictreach ar bith ná lucht datha ar bith aige.

Tá bósón Higgs thar a bheith éagobhsaí chomh maith, nó is dual dó titim as a chéile ar an toirt.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn briseadh spontáineach na siméadrachta nuair a bhíonn siméadracht an staid is lú fuinnimh sa chóras níos lú ná an t-idirghníomhú a rialaíonn an córas.[2]

Tugtar meicníocht Higgs ar nochtadh bhriseadh na siméadrachta i réimsetheoiric chandamach, agus taispeánann sí conas a leanann cáithníní maisiúla i ndiaidh briseadh na siméadrachta, ní hionann is gnáthréimsetheoiric nach réamhinsíonn ach cáithníní gan mhais.

Andy Hocker sa bhliain 2013

Bhain Weinberg is Salam feidhm as meicníocht Higgs chun maiseanna an W-cháithnín is an Z-cháithnín a réamhinsint ina dteoiric ag aontú an idirghníomaithe laig is an idirghníomhaithe leictreamaighnéadaigh.

Fo-tháirge ar an mais bhreise a fhaigheann na cáithníní seo is ea cáithnín Higgs.

1954[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an bósón a ainm ó Pheter Higgs. Sa bhliain 1964 d'fhoilsigh Higgs agus cúigear eolaithe eile saothar taighde faoi mheicníocht Higgs, agus is éard a bhí i gceist leis an meicníocht seo ná an chúis leis go bhfuil mais ag caithníní áirithe. Gné den mheicníocht seo é bósón Higgs. (Bíonn cúiseanna éagsúla leis go bhfuil mais ag caithníní, ach bhíodh sé thar a bheith deacair míniú cuimsitheach a thabhairt ar an mais mar airí de chuid na gcaithníní.) Go bunúsach bhí caithnín gan ghuairne, bósón a chomhlíonfadh éilimh na teoirice, ag teastáil le go mbeadh an mheicníocht inchreidte mar theoiric, agus baisteadh "bósón Higgs" ar an gcaithnín teoiriciúil seo.

2012[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dhúshlán tábhachtach é i bhfisic na gcáithníní an bósón Higgs a aimsiú is fianaise thurgnamhach a fháil air. Theip ar chuid mhaith iarrachtaí costasacha roimh 2012.

Sa bhliain 2012 aithníodh caithnín fo-adamhach a chomhlíon na héilimh seo le linn na dturgnamh úd ATLAS agus CMS leis an Imbhuailteoir Mór Hadróin i saotharlann CERN in aice leis an nGinéiv san Eilvéis. D'fhógair CERN ar 4 Iúil 2012 gur tháinig na heolaithe ann ar an mbósón Higgs.[3]

Deimhníodh ina dhiaidh sin gur tháinig airíonna an chaithnín seo agus saintréithe teoiriciúla bhósón Higgs le chéile.[4][5][6]

Bronnadh an Duais Nobel san Fhisic ar Peter Higgs agus François Englert sa bhliain 2013.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó caithnín Higgs (Fréamh an Eolais le Matt Hussey), nó an 'Dia-cháithnín" fiú
  2. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. BBC History Hour (2022). "The Higgs Boson: A scientific discovery that explains how the universe works" (as en). 
  4. Higgs, Peter (1964). "Broken Symmetries and the Masses of Gauge Bosons". Physical Review Letters 13 (16): 508–509. doi:10.1103/PhysRevLett.13.508. 
  5. Englert, François (1964). "Broken Symmetry and the Mass of Gauge Vector Mesons". Physical Review Letters 13 (9): 321–23. doi:10.1103/PhysRevLett.13.321. 
  6. Guralnik, Gerald (1964). "Global Conservation Laws and Massless Particles". Physical Review Letters 13 (20): 585–587. doi:10.1103/PhysRevLett.13.585.