Hidrigincharbónáit sóidiam
Cuma
| Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
|---|---|
| Mais mhóilíneach | 83.982338 Da |
| Struchtúr ceimiceach | |
| Foirmle cheimiceach | NaHCO₃ |
| SMILES canónta | Model 2D C(=O)(O)[O-].[Na+] |
| InChI | Model 3D |
| Airí | |
| Dlús | 2.159 g/cm³ (a luach anaithnid, solad) |
| Pointe dianscaoilte | 60 °C |
| NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (GHS07: comhartha uaillbhreasa) | |
Comhdhúil cheimiceach leis an bhfoirmle NaHCO 3 is ea hidrigincharbónáit sóidiam ar a dtugtar sóid aráin nó décharbónáite sóid de ghnáth. Is salann í atá comhdhéanta de chaitian sóidiam (Na + ) agus ainian hidrigincharbónáite (HCO 3 - ). Bíonn dath bán ar hidrigincharbónáit sóidiam atá criostalta, ach is minic a fheictear í mar phúdar mín. Bíonn blas goirt agus alcaileach cosúil le blas níocháin (carbónáit déshóidiam) aici. I bhfoirm nahcolite a bhíonn an mianra nádúrtha. Is comhpháirt den mhianra natrón í agus faightear í tuaslagtha i go leor fuarán mianrach.[1]