Hidreaponaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hidreaponaic ar siúl in Brooks, Alberta, Ceanada

Fás plandaí i dtuaslagáin chothaitheacha, gan aon ithir san áireamh. Úsáidtear an modh seo i dtáirgeadh trátaí is cúcamair ardchaighdeáin faoi ghloine. I saothrú uisce, crochtar na plandaí ó struchtúr in airde agus a bhfréamhacha tumtha san uisce a chuimsíonn na cothaithigh. I gcomhshaothrú, is féidir na fréamhacha a chur in ábhair cosúil le gaineamh garbh, gairbhéal, móin nó veirmicilít.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hidreaponaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 345.