Herman Cain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHerman Cain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Nollaig 1945
Memphis, Tennessee, Tennessee Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Iúil 2020
74 bliana d'aois
Atlanta, Georgia Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Covid-19)
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnBaisteachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Morehouse - Baitsiléir Eolaíochta
Ollscoil Purdue - Máistir Eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAtlanta
Gníomhaíocht
Gairmpearsa raidió, iriseoir, duine den lucht gnó, polaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirThe Coca-Cola Company
National Restaurant Association (en) Aistrigh
Federal Reserve Bank of Kansas City (en) Aistrigh
Pillsbury Company (en) Aistrigh
Godfather's Pizza (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteSpermin' Herman
The Cain Wreck
Cain't Recall
Cain't Remember
Cain't Ever Be President
The Cain Train
The Hermanator
Herman Munster
Black Walnut
The Pimp Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Croineolaíocht
Herman Cain presidential campaign, 2012 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinhermancain.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3087342 Facebook: THEHermanCain Twitter: THEHermanCain Youtube: UCsRq2PbttxbBJYK49n58L1A Musicbrainz: 1af7940c-4291-483e-a7c3-a605ab1abc5e Cuir in eagar ar Wikidata

B'fheidhmeannach gnó Meiriceánach é Herman Cain (13 Nollaig 194530 Iúil 2020). Is mar uachtarán ar Godfather’s Pizza, fo-chomhlacht de chuid Pillsbury, a bhí aithne air, ach d’éirigh leis i neart gnéithe eile dá shaol óna chuid staidéar ar an matamaitic san ollscoil go dtí craoladh a chuid smaointeoireachta ar na meáin chumarsáide. Rinne Cain iarracht ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh a fháil don uachtaránacht sa toghchán ginearálta sa bhliain 2012. Ar feadh tamaill, bhí Cain ar an mbeirt chun tosaigh sna pobalbhreitheanna i measc daoine a chlaonann i dtreo an Pháirtí Poblachtánaigh: go ginearálta, d'éirigh go maith le Cain i measc lucht an "Tea Party" i gcomparáid le Mitt Romney, a rinne go maith i measc na bPoblachtánach traidisiúnta.

I Memphis, Tennessee a rugadh Herman Cain ach ba in Atlanta, Georgia a d’fhás sé aníos. Ba iad Lenora Cain (née Davis) agus Luther Cain, Jr. a thuismitheoirí. Obair uiríseal a rinne siad ach d’éirigh leo a dteach féin a cheannach. Teaghlach "bocht sonasach" iad dar le Cain.

Ar 21 Bealtaine 2011, d’fhógair Cain go hoifigiúil go raibh sé ar lorg ainmniúcháin an Pháirtí Phoblachtaigh don uachtaránacht, cé nár toghadh é riamh do phost polaitiúil. Cuid thábhachtach san fheachtas sin aige ná an Plean 9-9-9. Faoin bplean úd, d’íocfadh gnólachtaí 9% as a gcuid gnóthaí mar cháin, d’íocfadh daoine 9% mar cháin ioncaim phearsanta agus d’íocfaí 9% mar cháin náisiúnta ar dhíolacháin. Go déanach sa bhliain 2011, chuir beirt bhan mí-iompar gnéasach ina leith.[1] Ar an 3 Nollaig 2011, i ndiaidh titim dó sna pobalbhreitheanna, chuir Herman Cain a fheachtas uachtaránachta ar ceal.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]